Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 3 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 3 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,015* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 178 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 29 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá dochtúirí sláinte poiblí timpeall na tíre ag tabhairt le fios go bhfuil siad á gcur ar an eolas ar bhriseadh amach i measc daoine a raibh comharthaí orthu a d’fhreastail ar an ionad oibre, nó a d’ith béile amuigh ón mbaile, nó a thug cuairt ar chairde. Cuimhnigh, le do thoil, gur cheart duit fanacht sa bhaile má bhíonn comharthaí ort agus fiú má tá tú vacsaínithe, mar gheall go bhféadfá COVID-19 a tharchur go fóill. Tá orainn, mar thír agus le chéile, leanúint ag cloí leis an iompar dearfach go léir a chuireann teorainn ar scaipeadh an ghalair, agus tá páirt lárnach ag fanacht sa bhaile mar chuid de seo má bhíonn aon chomharthaí slaghdáin nó fliú ort. Ná héirigh réchúiseach, mar gheall go bhféadfadh freastal ar an obair nó casadh le cara fad a bhíonn fiabhras, casacht, comharthaí slaghdáin/fliú ort, nó má thugann tú caillteanas blais/bolaidh faoi deara bheith ar an gcéad nasc i slabhra tarchuir a bhféadfadh briseadh amach i do phobal bheith mar chúis leis.
“Thug sé ardú mór meanman dúinn gur thugamar faoi deara go raibh a vacsaíní COVID-19 á bhfáil ag na mílte dár ndaoine óga i rith an Deireadh Seachtaine Saoire Bhainc ag ionaid vacsaínithe siúil isteach FSS.
“Ba thréimhse fhíordheacair é do dhaoine óga i rith phaindéim COVID-19. Léiríonn a dtoilteanas teacht i láthair ina sluaite chun vacsaín a fháil an athléimneacht arís eile a léirigh siad i rith na tréimhse dúshlánaí seo. Is í an mheanma chéanna dhlúthpháirtíochta, thiomantais dár bpobal iomlán a choimeád sábháilte trí vacsaín a fháil, agus cloí leis na bearta bunúsacha sábháilte, cosúil le fanacht sa bhaile má bhraitheann tú tinn a thabharfaidh sinn as an bpaindéim seo ar deireadh thiar.”
CRÍOCH
[external-link https://www.gov.ie/en/service/register-to-get-a-covid-19-vaccine/ | Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil. ]
- D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.