Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 30 Márta 2021
- Foilsithe: 30 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 14 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 12 díobh sin i mí an Mhárta, duine i mí Feabhra agus duine i mí Eanáir.
83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 68-97 an raon aoise.
4,681 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 29 Márta, cuireadh 368 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 235,444* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 235,444 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 181 agus is mná iad 182 díobh
- tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 34 aois airmheánach na ndaoine
- 127 i mBaile Átha Cliath, 34 i gCill Dara, 26 sa Mhí, 21 i Luimneach, 19 in Uíbh Fhailí agus tá na 141 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile
Amhail 8am inniu, tá 310 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 67 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 29 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 27 Márta 2021, bhí 802,502 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 577,641 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 224,861 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 84.1
- meán gluaiseachta 5 lá 543