Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 8 Nollaig 2020
- Foilsithe: 8 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,097* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 7 Nollaig, cuireadh 215 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 74,682* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 95 / is mná iad 119 díobh
- Tá 60% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 37 aois airmheánach na ndaoine
- 74 i mBaile Átha Cliath, 22 i nDún na nGall, 15 i gCill Chainnigh, 14 i Lú, 11 i Luimneach agus tá na 79 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile.
Amhail 2pm inniu tá 210 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim.
Cuireadh 8 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Cheadaigh an Rialtas comhairle NPHET inniu maidir le tosaíocht vacsaíní COVID-19. Is céim thábhachtach í seo i bhforbairt na straitéise vacsaíne, á tabhairt chun críche ag an tascfhórsa Ardleibhéil maidir le vacsaíniú COVID-19.
“Cé go bhfuil gach duine againn ag fanacht lenár deis chun vacsaíniú a fháil, tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag cosaint a chéile idir an dá linn, go háirithe i rith na Nollag agus sna míonna amach romhainn.
“Ní mór comhairle sláinte poiblí a leanúint; áiteanna plódaithe a sheachaint, cloí le scaradh fisiceach, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh, lámha a ní go rialta agus cloí le béasaíocht casachta/sraothartacha."
Soláthraíonn Deais COVID-19Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 bhás. Léiríonn an figiúr 2,097 é sin.
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 74,682 cás deimhnithe é sin.
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 07 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 07 Noll 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (24 Samh 2020 go 07 Noll 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (24 Samh 2020 go 07 Noll 2020) |
Éire | 215 | 80.2 | 3,818 |
Dún na nGall | 22 | 220.5 | 351 |
Cill Chainnigh | 15 | 178.4 | 177 |
Lú | 14 | 158.3 | 204 |
Luimneach | 11 | 138.5 | 270 |
Muineachán | <5 | 118.9 | 73 |
Cill Mhantáin | 8 | 118 | 168 |
Ceatharlach | 5 | 117.7 | 67 |
Bhaile Átha Cliath | 74 | 94.6 | 1,275 |
Longfort | <5 | 90.5 | 37 |
Tiobraid Árann | 9 | 81.5 | 130 |
Maigh Eo | 6 | 75.1 | 98 |
Port Láirge | 6 | 72.3 | 84 |
Uíbh Fhailí | 0 | 65.4 | 51 |
An Cabhán | <5 | 61.7 | 47 |
Laois | <5 | 56.7 | 48 |
Gaillimh | 7 | 55.4 | 143 |
Cill Dara | 6 | 51.2 | 114 |
An Mhí | 5 | 50.8 | 99 |
Ros Comáin | <5 | 49.6 | 32 |
Corcaigh | 7 | 35.2 | 191 |
An Clár | <5 | 32.8 | 39 |
Sligeach | 0 | 30.5 | 20 |
Ciarraí | <5 | 29.8 | 44 |
An Iarmhí | <5 | 24.8 | 22 |
Loch Garman | <5 | 19.4 | 29 |
Liatroim | 0 | 15.6 | 5 |