Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn 22 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 22 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,777* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé hAoine an 21 Lúnasa, cuireadh 156 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
Tá 27,908** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 81 / is mná iad 75 acu
- Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
- Deimhnítear go bhfuil baint ag 68 le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- Aithníodh 15 cás mar thras-seoladh pobail
- 55 i mBaile Átha Cliath, 36 i gCill Dara, 12 i dTiobraid Árann, 9 i Luimneach, 7 i gCill Chainnigh, 6 i bPort Láirge agus tá na 31 cás eile i gCeatharlach, An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Laois, Lú, An Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, an Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“An deireadh seachtaine seo, má tá daoine ar cuairt, ná bíodh níos mó ná 6 cuairteoir ó 3 theaghlach ar leith i do theach. Tá sé ríthábhachtach go leanann daoine ar fud na tíre an chomhairle sláinte poiblí. Má bhíonn aon siomptóim agat, féin-aonraigh agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh ar an bhfón láithreach."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC, dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr 1,777 é seo.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC, dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 27,908 é seo.