Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí -Dé Sathairn 27 Samhain 2021
- Foilsithe: 27 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cé nach dtugann Córais Foláirimh na hEorpa fógra foirmiúil dóibh, tá An Roinn Sláinte ar an eolas faoi thuairiscí sna meáin faoi na cásanna den athraitheach nua SARS-CoV-2 Athraitheach B.1.1.529 (Omicron) sa Ríocht Aontaithe, san Iodáil, sa Ghearmáin, agus sa Bheilg.
Tá sraith beart tosaigh curtha i bhfeidhm chun maolú a dhéanamh ar theacht an athraithigh seo go hÉirinn.
Tá Foireann Eipidéimeolaíoch NPHET ag teacht le chéile go rialta thar an deireadh seachtaine chun monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí agus faoi láthair tá siad ag déanamh machnaimh ar bhearta breise riachtanacha.
I measc na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair tá:
- Ailíneoidh Éire le Moladh an AE an “coscán éigeandála” a chur i bhfeidhm i leith na dtíortha lena mbaineann (i.e. an Bhotsuáin, Esuaitíní, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Afraic Theas agus An tSiombáib) agus cuirfidh sí i gcoinne taistil chuig/ó na tíortha seo.
- Tá An Roinn Dlí agus Cirt ag nuashonrú riachtanais víosa do na tíortha sin.
- D’athraigh An Roinn Gnóthaí a comhairleach taistil chun “taisteal neamhriachtanach a sheachaint” chuig na tíortha sin.
- Ceanglófar ar chónaitheoirí Éireannacha ag filleadh abhaile ó na tíortha seo dul faoi choraintín baile dian beag beann ar stádas vacsaíne/téarnaimh/tástála, agus dul faoi thástáil PCR le linn an choraintín.
- Tá rialacháin á ndréachtú go práinneach chun éifeacht a thabhairt do na beartais nua maidir le taisteal agus coraintín baile.
- Chuaigh An Roinn Iompair i dteagmháil le haeriompróirí chun a chinntiú go gcomhlíontar go docht na riachtanais ábhartha uile roimh imeacht (Teastas Covid, fianaise tástála PCR, Foirmeacha Aimsitheora Paisinéirí).
- Tá An Roinn Dlí agus Cirt ag socrú méadú ar spotseiceáil BMU de phaisinéirí ar theacht isteach dóibh.
- Tá roghanna Coraintín Éigeantach Óstáin á socrú ar bhonn teagmhasach.
- Déanfaidh na comhlachtaí ábhartha go léir athbhreithniú leanúnach ar an scéal maidir leis an athraitheach nua seo.