English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 1 Feabhra

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 2 Feabhra 2020

Tá ardphleananna i bhfeidhm ag Éirinn mar chuid dá socruithe cuimsitheacha ullmhachta le haghaidh dul i ngleic le héigeandálaí sláinte poiblí amhail Coróinvíreas nua (2019-nCoV). A bhuí leis na pleananna sin, d’éirigh linn freagairt do theagmhais roimhe seo amhail fliú paindéimeach, géarshiondróm trom riospráide (SARS) agus siondróm riospráide an Mheánoirthir (MERS).

Is é atá i gceist leis na pleananna atá i bhfeidhm in Éirinn ag an gcéim seo den fhreagairt don Choróinvíreas nua ná an víreas a shrianadh. Tá sé mar aidhm leis sin uasmhéadú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbraithfear cás i gcás go dtiocfaidh ceann chun cinn anseo agus a chinntiú nach dtarchuirfear é chuig duine eile.

Ceann de na príomhghnéithe dár n-ullmhacht agus dár bhfreagairt leanúnach is ea prótacail a chur i ngníomh, agus is dóigh go ndéanfar amhlaidh. Leis an bprótacal, cinntítear i gcónaí go ndéanfar teagmháil iomlán leis na daoine atá i gceist agus go mbeidh siad ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú. Tá cur i ngníomh na bprótacal ina léiriú ar cháilíocht agus freagrúlacht na ngníomhaireachtaí agus na mball foirne a chuireann iad i gcrích i seirbhísí sláinte, sa tseirbhís éigeandála agus ag na calafoirt iontrála isteach in Éirinn.

Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann leis an gCoróinvíreas nua (2019-nCoV), seachas cásanna deimhnithe.

Ní raibh aon chásanna deimhnithe ann in Éirinn amhail an 1 Feabhra 2020.

Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13.00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie

CRÍOCH