English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,824 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé hAoine an 9 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,012 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 41,714* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 511 / is mná iad 496 díobh
  • Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 30 aois airmheánach na ndaoine
  • 241 i mBaile Átha Cliath, 112 i gCorcaigh, 80 sa Chabhán, 72 sa Mhí, 66 i nGaillimh, agus tá na 441 cás eile scaipthe ar fud 21 chontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 199 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 acu sin in ICU.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá imní mhór orm faoi na huimhreacha atá le feiceáil againn agus cé chomh tapa agus atá siad ag dul in olcas.

“Cuireadh gach ceann de 1,012 cás an lae inniu in iúl don HPSC thar thréimhse 24 uair suas go meán oíche.

“Mhéadaigh an ráta minicíochta 14 lá ó 108 in aghaidh gach 100,000 Dé Domhnaigh seo caite go 150 in aghaidh gach 100,000 inniu, arb ionann é agus méadú 39%.

“Tá táscairí tábhachtacha uile an ghalair ag dul in olcas. Mar shampla, tá méadú comhsheasmhach ar dheimhneacht na tástála le seachtain anuas. B'ionann ráta deimhneacht na tástála suas go meán oíche Dé hAoine an 9 Deireadh Fómhair agus 6.2%, atá tar éis dúbailt taobh istigh de choicís.

“Tá líon na gcásanna ag fás ar fud gach aoisghrúpa agus ar fud na tíre."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Le 24 uair an chloig anuas, cuireadh 35 cás deimhnithe san ospidéal agus cuireadh ceathrar san ICU. Tá 199 duine san ospidéal agus 31 in ICU anois. Caithfidh gach aoisghrúpa, suíomh agus teaghlach gníomhú anois, teagmhálacha a theorannú agus an galar a stopadh."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 41,714 cás deimhnithe é seo.