Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 11 Aibreán
- Foilsithe: 11 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2020
- Cásanna amhail Déardaoin an 9 Aibreán
- Staitisticí ospidéil
- Inscne na n-othar
- Raon aoise lena mbaineann
- An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
- Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Cásanna de réir contae
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 33 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:
- tá 30 básaithe san oirthear agus 3 in iarthar na tíre
- bhí 14 bean agus 19 fear san áireamh sna daoine
- 82 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
- tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 25 duine
Tá 320* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC an tseachtain seo dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 320 bás an méid sin.)
Amhail 1pm Dé Sathairn an 11 Aibreán, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi na cásanna seo a leanas:
- 553 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlanna in Éirinn
- 286 cás breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlann sa Ghearmáin (a léiríonn cásanna ó roinnt seachtainí ó shin)
Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 8,928 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Léiríonn figiúr 553 an lae inniu an líon is mó cásanna nua a tuairiscíodh in aon lá amháin ó thús na ráige.
“Ba cheart go meabhródh sé seo do gach duine an tábhacht a bhaineann le sláinteachas lámh, nósmhaireacht riospráide agus scaradh fisiceach. Seo iad na gníomhartha chun an t-ionfhabhtú seo a chur faoi chois. Caithfimid leanúint ar aghaidh leo.”
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Níos luaithe inniu d’fhógair an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tionscnamh meabhairshláinte agus folláine chun tacú le riachtanais mheabhairshláinte an phobail tríd an bpaindéim seo.
“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine nach bhfuil siad ina n-aonar le linn na tréimhse seo. Is éard a bheidh i gceist leis an bhfeachtas seo ná gach duine againn a aontú, fanacht ceangailte lena chéile agus a chinntiú go dtiocfaimid go léir slán le chéile. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag gov.ie/together.”
Téigh chuig Deais Faisnéise COVID-19 na Roinne Sláinte chun an fhaisnéis is déanaí faoi chásanna a fháil.
Cásanna amhail Déardaoin an 9 Aibreán
Léiríonn sonraí ón HPSC, amhail meán oíche, Déardaoin an 9 Aibreán (7,787 cás) agus torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí an dáta sin:
- is fir iad 45% díobh agus is mná 54% díobh, agus baineann 1,626 cás le 356 cnuasach
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- cuireadh 1,718 cás (22%) san ospidéal
- díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 253 cás isteach san ICU
- bhain 2,141 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 4,156 cás (53% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 581 cás (8%)
- díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 26%, is ionann taisteal thar lear agus 8%
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.
Inscne na n-othar
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.
Raon aoise lena mbaineann
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.
An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.
Cásanna de réir contae
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.