English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,802 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé hAoine 25 Meán Fómhair, cuireadh 248* cás de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 34,560 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 132 agus is mná iad 115
  • tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 36% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 36 cás mar thras-seoladh pobail
  • 104 i mBaile Átha Cliath, 37 i nDún na nGall, 36 i gCorcaigh, 8 i gCill Dara, 8 san Iarmhí, 6 i gCill Chainnigh, 6 i Laois, 6 in Uíbh Fhailí, 5 i Longfort, 5 i Muineachán, 5 i Loch Garman, agus tá na 22 cás eile in 11 contae eile

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC, dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 34,560 cás deimhnithe é seo.