Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 12 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Amhail ag meánoíche Déardaoin an 11 Lúnasa, táimid ag tuairisciú 1,903* cás deimhnithe de COVID-19.
Ar 8am inniu, tá 219 othar COVID-19 san ospidéal, 37 díobh sin san Aonad Dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:
“Tá a fhios againn go n-oibríonn vacsaíní. Tá siad 80% éifeachtach ó thaobh COVID-19 siomptómach a chosc agus coimeádann siad thart ar 95% de chásanna amach as an ospidéal. Tugann siad cosaint do dhaoine i gcoinne breoiteachta fíorthromchúisí, fiú nuair a bhíonn an t-athraitheach Delta i gceist. Faoi láthair, is léir go bhfuil clár vacsaínithe na hÉireann ag cosc 2,700 cás ar a laghad i ngach milliún duine in aghaidh na seachtaine.
"Ní hamháin go bhfuil an chuid is fearr den dianiarracht eolaíochta agus leighis léirithe ag an gclár vacsaínithe COVID-19, tá dlúthpháirtíocht inmholta na ndaoine a ghlac an vacsaín ar a leas féin agus ar leas an phobail i gcoitinne á léiriú aige freisin.
“Cé go bhfuil líon an-mhór daoine tar éis an vacsaín a ghlacadh, tá daoine ann nár thapaigh an deis fós an vacsaín a glacadh agus iad féin a chosaint ó COVID-19. Má tá tú fós neamhchinnte, nó má tá ceist ar bith agat nó imní ort, faigh eolas ó fhoinsí iontaofa amhail do Dhochtúir Ginearálta nó do Chógaiseoir agus féach ar an eolas atá ar fáil ar [external-link www.hse.ie | www.hse.ie ].”
CRÍOCH