English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ceathrar le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,806* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair, cuireadh 442 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 36,597* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 225 agus is mná iad 217 díobh
  • tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 54% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 69 cás mar thras-seoladh pobail
  • tá 170 cás i mBaile Átha Cliath, 47 i gCorcaigh, 28 i nDún na nGall, 23 sa Mhí, 21 i nGaillimh, 20 i Muineachán, 14 sa Chlár, 12 i Ros Comáin, 11 i Laois, 11 i Longfort, 10 sa Chabhán, 10 i Luimneach , 10 i dTiobraid Árann, 9 i gCill Dara, 8 i gCill Mhantáin, 5 i Lú agus 5 i Loch Garman agus na 28 cás eile i 9 gcontae

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 1,806 é seo.