English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 10 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 15 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,117 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 9 Meán Fómhair, cuireadh 310 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 75,203* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 162 / is mná iad 148
  • Tá 61% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 39 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 80 i mBaile Átha Cliath, 27 i nDún na nGall, 25 i Lú, 15 i gCill Chainnigh, 15 i bPort Láirge, 15 i dTiobraid Árann, 15 sa Mhí agus tá na 118 cás eile scaipthe ar fud 16 chontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 202 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 36 díobh sin san aonad dianchúraim.

Cuireadh 15 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Amárach ní bheidh ach 14 lá fágtha go Lá Nollag. Chun an t-idirghníomhú is sábháilte agus is féidir a chinntiú le do theaghlach i rith na Nollag, déan iarracht do ghluaiseachtaí a shrianadh anois.

“Déan measúnú riosca ar na timpeallachtaí a bhfuil sé beartaithe agat a bheith iontu sa choicís amach romhainn; an bhfuil siad ag cloí le bearta sláinte poiblí? An féidir leat achar dhá mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile? An bhfuil clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh ag daoine? Anois an t-am chun cinntí a dhéanamh faoi dad iad na hidirghníomhaíochtaí atá riachtanach agus a bhfuil an méid is lú riosca ag baint leo i ndáil leat féin, do theaghlach agus do chairde i rith na Nollag."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá sé tábhachtach nach dtarraingíonn na pleananna maidir le rolladh amach vacsaíní i 2021 aird de na gníomhaíochtaí a chaithfimid a dhéanamh agus muid ag tabhairt aghaidh ar Nollaig 2020. Ní bheidh aon tionchar dearfach ag vacsaín ar rian an ghalair seo sna seachtainí amach romhainn agus ní thugann sé imdhíonacht do dhaoine thar thréimhse na Nollag. Ní fhéadfaimid ligean do COVID-19 scaipeadh tríd ár bpobail anois, tar éis na n-iarrachtaí go léir a rinneamar i rith 2020 agus chomh gar agus atá muid do vacsaíniú."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;

“Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 0.4 agus 0.7 anois. Is léiriú é seo ar an líon mór daoine a leanann orthu ag teorannú a gcuid teagmhálacha agus a leanann comhairle sláinte poiblí. Cuimhnigh le bhur dtoil gur víreas an-chontúirteach é seo, go háirithe do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine aosta. Tá an saineolas agus an diongbháilteacht againn an galar seo a chur faoi chois, chun ár dteaghlach agus ár gcairde a chosaint i rith na Nollag."

Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta:

“Agus muid ag fanacht le hanailís dheiridh ar vacsaíní ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, dhearbhaigh anailís FDA ar na sonraí maidir le vacsaín Pfizer COVID-19 a éifeachtúlacht. Is comharthaí spreagúla iad seo ach tá sé tábhachtach formheas iomlán an EMA a chinntiú sula ndéantar an vacsaín a rolladh amach in Éirinn."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 gcás. Léiríonn an figiúr de 75,203 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 09 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 09 Noll 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 09 Noll 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (09 Noll 2020)
Éire 310 79 3764
Dún na nGall 27 230.5 367
Cill Chainnigh 15 175.3 174
25 159.8 206
Ceatharlach 11 135.2 77
Muineachán 8 130.3 80
Luimneach 8 127.8 249
Cill Mhantáin 13 118 168
Bhaile Átha Cliath 80 90.9 1225
Longfort <5 83.2 34
Port Láirge 15 82.6 96
Tiobraid Árann 15 78.3 125
Maigh Eo 11 75.9 99
An Cabhán 10 72.2 55
Uíbh Fhailí 0 62.9 49
Gaillimh 13 60.1 155
An Mhí 15 54.9 107
Cill Dara 12 53 118
Ros Comáin <5 52.7 34
Laois <5 49.6 42
Sligeach <5 33.6 22
An Clár <5 32.8 39
Corcaigh 11 27.1 147
Loch Garman 5 24.7 37
Ciarraí 0 23.7 35
An Iarmhí 0 20.3 18
Liatroim <5 18.7 6