Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 11 Márta 2021
- Foilsithe: 11 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil deichniúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh ochtar díobh sin i mí an Mhárta, duine mí Feabhra agus duine i mí Eanáir.
75 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 0 - 84 an raon aoise.
4,509 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 10 Márta, cuireadh 592 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 225,179* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 225,179 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 299 agus is mná iad 288 díobh
- tá 72% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 32 aois airmheánach na ndaoine
- 253 i mBaile Átha Cliath, 52 i gCill Dara, 35 i nDún na nGall, 33 sa Mhí, 28 i nGaillimh agus tá na 191 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir
Amhail 8am inniu, tá 359 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 87 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 32 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 8 Márta, bhí 536,617 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 382,528 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 154,089 duine
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Bliain ó shin is an lá inniu thuairiscigh muid an chéad bhás in Éirinn a bhain le COVID-19. Tá níos mó ná 4,500 duine básaithe in Éirinn leis an ngalar seo. Cuimhnímid orthu agus ar a dteaghlaigh agus a gcairde, chomh maith leis an iliomad atá fós go dona tinn nó atá ag déileáil le riochtaí sláinte fadtéarmacha mar gheall ar COVID-19.
"Tá trí vacsaín againn anois agus an ceathrú ceann atá údaraithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach inniu, rud a fhágann go bhfuil bealach amach againn as an bpaindéim seo. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cosaint an oiread daoine agus is féidir ó dhrochéifeachtaí COVID-19 agus deis a thabhairt do dhaoine vacsaíniú a fháil sna seachtainí agus míonna amach romhainn.
"Ní obair in aisce atá sna hiarrachtaí go léir teagmhálacha a theorannú agus an chomhairle sláinte poiblí a leanúint, déantar seo chun daoine a chosaint agus beatha daoine a shábháil."
Thacaigh NPHET inniu le treoir nua HPSC maidir le cuairteanna ar thithe altranais lena gceadaítear cuairteanna níos rialta. Tiocfaidh an treoir nua i bhfeidhm ón 22 Márta 2021.
Dúirt an tOllamh Martin Cormican, Ceannaire Cliniciúil um Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach agus Rialú Ionfhabhtaithe, FSS:
"Faoin treoir nua, ceadófar dhá chuairt sa tseachtain do dhaoine atá ina gcónaí in ionaid altranais ar fhorais atruacha ghinearálta. Beidh sé seo indéanta mar gheall ar an líon ard cónaitheoirí agus oibrithe cúram sláinte a fuair vacsaín le coicís anuas. Ní cheanglaítear cuairteanna a theorannú go dtí níos lú ná uair an chloig.
"Chuaigh déine srianta COVID-19 i bhfeidhm go mór ar chónaitheoirí tithe altranais. A bhuíochas leis an vacsaíniú tá an-áthas orainn a bheith in ann treoir nua a mholadh agus tá súil againn faoiseamh a thabhairt do chónaitheoirí agus a dteaghlaigh ón iargúltacht a d’fhulaing siad le fada."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch na hÉireann:
"Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh againn go mall i ngach táscaire de COVID-19. Tá údair imní le feiceáil sna treochtaí agus tá contúirt ann i gcónaí mar tá líon na gcásanna fós ard. D’fhéadfadh méadú ar ghluaisteacht agus freastail ar an ionad oibre ionfhabhtú a mhéadú sna seachtainí amach romhainn. Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe seasmhach ag 0.6-1.0, ach tá sé riachtanach sna seachtainí beaga amach romhainn go bhfanfaimid sa mbaile, go leanfaimid orainn ag teorannú ár dteagmhálacha agus nach scaipfimid an galar."
Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta (NIAC):
"Fáiltímid roimh chonclúid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí gur chomhlíon Vacsaín Janssen COVID-19 na critéir maidir le héifeachtúlacht, sábháilteacht agus cáilíocht. Má cheadaíonn Coimisiún an AE í, d’fhéadfadh sí a bheith ar an gceathrú vacsaín éifeachtach a bheadh ar fáil d’Éirinn agus bheadh an-fháilte roimpi."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 74.6
- meán gluaiseachta 5 lá 499