Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 12 Márta
- Foilsithe: 12 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile aréir (Dé Céadaoin an 11 Márta) chun an fhianaise is déanaí ar leathadh COVID-19 a athbhreithniú. Mhol an Fhoireann go mbogfadh Éire chuig Céim an Mhoillithe.
Tá méadú suntasach tagtha le laethanta beaga anuas ar an líon cásanna a braitheadh in Éirinn, áit a bhfuil roinnt braislí ag teacht chun cinn i suíomhanna ospidéil, lena n-áirítear cásanna san aonad dianchúraim, agus a bhfuil roinnt cásanna ag teacht as tarchur sa phobal.
Léiriú soiléir gur cheart breithniú a dhéanamh ar scaradh sóisialta a thabhairt isteach atá sa chomhairle nua a chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ar fáil inniu. Leagadh béim inti go bhfuil cásanna agus básanna COVID-19 á mbrath lasmuigh de shlabhraí aitheanta tarchuir. Mhol sé freisin gur cheart bearta a dhéanamh go luath agus gur cheart na bearta sin a bheith cinntitheach, tapa, comhordaithe agus cuimsitheach.
Tá Éire ag tabhairt bearta nua isteach inniu mar chuid dár n-iarracht cur isteach ar tharchur COVID-19.
- ba cheart do dhaoine a bhfuil siomptóim orthu féinleithlisiú ar feadh tréimhse 14 lá
- ba cheart do dhaoine teagmhálacha sóisialta lánroghnacha a laghdú a oiread agus is féidir
- ba cheart do dhaoine scothaosta agus do dhaoine atá soghonta ó thaobh an leighis de teagmhálacha lasmuigh den teach a laghdú a oiread agus is féidir
- níor cheart aon olltionóil a bheith ann:
a) más rud é go bhfuil níos mó ná 100 duine rannpháirteach iontu i gcás go bhfuil siad lonnaithe faoi dhíon
b) más rud é go bhfuil níos mó ná 500 duine rannpháirteach iontu i gcás go bhfuil siad lonnaithe amuigh faoin spéir
- dúnfar músaeim, gailearaithe agus suíomhanna turasóireachta
- dúnfar scoileanna i gcás daltaí agus dúnfar creiseanna, saoráidí cúram leanaí eile agus institiúidí ardoideachais
- laghdófar teagmhálacha san áit oibre agus cuirfear cleachtais chianoibre agus teileachomhdhálacha chun feidhme nuair is féidir agus molfar gan taisteal le haghaidh cruinnithe. Ba cheart amanna oibre agus amanna sosa a thuisliú nuair is féidir
- cuirfear srian le cuairt a thabhairt ar ospidéil, ar shuíomhanna cúraim fhadtéarmaigh, ar shaoráidí meabhairshláinte agus ar phríosúin agus cuirfear bearta spásála i bhfeidhm i gcóiríocht do dhaoine gan dídean
Molann an Fhoireann freisin gur cheart na bearta sin a bheith i bhfeidhm go dtí an Domhnach an 29 Márta 2020. Déanfar athbhreithniú leanúnach ar thionchar na mbeart sin.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí agus an Earnáil Sláinte ina hiomláine ag ullmhú d’éifeachtaí COVID-19 ar mhuintir ár dtíre.
"Éilímid anois ar shaoránaigh cloí leis na bearta nua sin agus cabhrú linn na daoine is soghonta inár sochaí a chosaint, cur ar chumas ár seirbhíse sláinte cóireáil a chur in aghaidh an víris go héifeachtach agus gach duine dínn a choinneáil chomh sláintiúil agus is féidir.”
CRÍOCH
Is féidir an litir ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí chuig Simon Harris TD, an tAire Sláinte, a léamh anseo.
[doiciméad 71331 ]
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- casacht
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear niúmóine.
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
- nigh do lámha i gceart agus go rialta
- cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- sula n-íosfaidh tú
- sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach