Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 16 Iúil 2020
- Foilsithe: 16 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,749 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 15 Iúil, cuireadh 21 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,698* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Tá na cásanna a dtuairisceoimid an tseachtain seo chugainn síolaithe cheana féin, ach tá sé de chumhacht againn scaipeadh agus tionchar an ghalair seo a theorannú ina dhiaidh sin; is é an bealach a dhéanaimid amhlaidh ná trí chomhairle sláinte poiblí a leanúint, cásanna ardriosca a sheachaint agus spreagadh a thabhairt dár gcairde agus dár dteaghlaigh an rud céanna a dhéanamh."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;
“Is é 1.4 an meastachán is fearr atá againn ar an uimhir atáirgthe faoi láthair ach d’fhéadfadh sé a bheith chomh hard le 1.8. Tá deis againn anois an víreas a chur faoi chois."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,698 cás deimhnithe é seo.