English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 17 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,789 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 16 Meán Fómhair, cuireadh 240 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 32,023* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 119 / is mná iad 120 díobh
  • Tá 61% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 47% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 44 cás mar thras-seoladh pobail
  • 119 i mBaile Átha Cliath, 19 i gCill Mhantáin, 17 i gCill Dara, 16 i nDún na nGall, 15 i bPort Láirge, 10 i Luimneach, 8 i gCorcaigh, 6 i Lú, 5 i Loch Garman agus tá na 24 cás eile lonnaithe i gCeatharlach, an Cabhán, an Clár, Gaillimh , Cill Chainnigh, Laois, An Longfort, An Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, an Iarmhí.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Is i mBaile Átha Cliath atá 50% de chásanna an lae inniu. Táimid ag feiceáil cion níos airde cásanna in aoisghrúpaí níos sine anois.

“Gníomhaigh anois chun beatha daoine a shábháil. Cuir teorainn ar do theagmhálaithe a oiread agus is féidir. Glac leis go bhfuil tú féin agus na daoine a mbuaileann tú leo tógálach, coinnigh fan amach ó dhaoine agus déan do chuid chun daoine eile a choinneáil slán."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 16 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 32,023 cás deimhnithe é seo.