English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 21 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 25 Eanáir 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 51 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain 49 de na básanna sin le mí Eanáir.

80 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 58-103 an raon aoise.

Tá 2,818* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 20 Eanáir, cuireadh 2,608 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 181,922 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 1,230 / is mná iad 1,346 díobh
  • Tá 55% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 42 aois airmheánach na ndaoine
  • 1,019 i mBaile Átha Cliath, 204 i gCorcaigh, 135 i nDún na nGall, 132 i nGaillimh, 131 i gCill Dara, agus tá na 987 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu, tá 1,943 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 214 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 105 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Cé go bhfuil dul chun cinn soiléir á dhéanamh againn maidir le minicíocht a laghdú is féidir linn a fheiceáil go bhfuil ualach mór ionfhabhtaithe fós againn - chun é seo a léiriú an 1 Nollaig , nuair a rinneamar srianta a mhaolú, ba é an meán gluaiseachta 5 lá a bhí againn ná 261 cás in aghaidh an lae, inniu tá sé beagnach deich n-uaire an líon sin ag 2,430 cás in aghaidh an lae.

“Is léir go bhfuil an daonra ag obair le chéile le teagmhálacha a laghdú agus tarchur breise an ghalair a stopadh. Táimid ag feiceáil éifeachtaí leibhéil arda tarchuir pobail áfach trí líon na ndaoine atá á nglacadh isteach sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim agus líon na mbásanna atá a dtuairisciú. Caithfimid leanúint ar aghaidh ag obair le chéile chun an t-ionfhabhtú seo a laghdú agus an galar a thabhairt ar ais faoi smacht."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Fuair 532 bás go dtí seo i mí Eanáir agus ar an drochuair is féidir linn a bheith ag súil go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh sna laethanta amach romhainn. Cabhróidh teagmhálacha a theorannú, fad fisiceach a choinneáil ó dhaoine eile, sláinteachas láimhe, clúdaigh aghaidhe a úsáid go cuí agus feasacht ghinearálta faoin gcaoi a bhféadfadh d’idirghníomhaíochtaí ionfhabhtú a scaipeadh chun cosc a chur ar ghalracht bhreise. Sábhálfar beatha daoine trí chomhairle sláinte poiblí a leanúint."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;

“Tá an mhinicíocht ag titim de réir a chéile ach tá sé an-ard i measc gach aoisghrúpa, go háirithe i measc daoine 85 bliain d’aois agus níos sine. Mar thoradh ar an iarracht mhór a rinneamar go léir chun teagmhálacha a laghdú, d'éirigh linn an uimhir atáirgthe a laghdú go 0.5 - 0.8. Ní mór dúinn é a choinneáil faoi bhun 1.0 má táimid chun teacht slán as an ráig reatha seo."

Dúirt Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta;

“Thug an vacsaín ardú meanma do dhaoine in ospidéil agus i dtithe altranais. Nuair a bheifear in ann é a rolladh amach don phobal i gcoitinne is cinnte go n-ardófar misneach na ndaoine. Ach cuimhnigh le bhur dtoil nach féidir linn a bheith neamhairdeallach anois mar d'fhéadfaimis ár n-iarrachtaí maidir le COVID-19 a chomhrac a chur ó mhaith. Ag an bpointe seo, ní mór dúinn an cúrsa a sheasamh, teagmhálacha a choinneáil chomh híseal agus is féidir, fanacht sa bhaile agus comhairle sláinte poiblí a leanúint."

D’fhoilsigh FSS inniu (Déardaoin, an 21 Eanáir, 2021) torthaí an Staidéar PRECISE, a bhreathnaigh ar antasubstaintí i gcoinne COVID-19 in oibrithe cúram sláinte in dhá ospidéal in Éirinn.

In Ospidéal San Séamas, bhí antasubstaintí i gcoinne COVID ag 15% den fhoireann agus bhí antasubstaintí ag 4.1% den fhoireann in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Dúirt an Dr Lorraine Doherty, Stiúrthóir Cliniciúil Náisiúnta um Chosaint Sláinte FSS, an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC);

“Cuideoidh torthaí an staidéir leis an tseirbhís sláinte ina freagra ar COVID-19. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird freisin nach féidir glacadh leis go bhfuil duine imdhíonach má tá antashubstaintí aige, agus go gcaithfear gach beart um Chosc agus Rialú Ionfhabhtaithe a leanúint go fóill.

“Déanfar an staidéar arís san earrach le feiceáil conas a athraíonn séirealeitheadúlacht le gach ráig den phaindéim, agus conas a athraíonn stádas antashubstaintí sna daoine aonair a ghlacann páirt an dá uair. Féachfaidh an dara babhta tástála freisin ar fhreagairt vacsaín i gcoinne ionfhabhtaithe nádúrtha, i bhfianaise an chláir vacsaínithe náisiúnta ar cuireadh tús leis le déanaí."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 2,818 bás é sin.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 20 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 20 Ean 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 20 Ean 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí 20 Ean 2021)
Éire 2,608 1140.7 54,318
Muineachán 34 2134 1310
85 1680.6 2166
Port Láirge 104 1582.1 1838
Loch Garman 66 1518.1 2273
Maigh Eo 50 1508 1968
Ceatharlach 33 1457.9 830
Luimneach 99 1450.5 2827
Baile Átha Cliath 1019 1254.5 16902
Corcaigh 204 1213 6585
Dún na nGall 135 1155.2 1839
An Clár 31 1093.3 1299
An Cabhán 47 1058.1 806
Gaillimh 132 1016.8 2624
An Mhí 117 950 1853
Cill Dara 131 880.9 1960
Tiobraid Árann 24 879.3 1403
Ros Comáin 22 852.1 550
Cill Chainnigh 15 838.4 832
Laois 45 807.6 684
Uíbh Fhailí 51 751.7 586
Ciarraí 28 734.6 1085
Cill Mhantáin 72 623.5 888
An Iarmhí 24 568.9 505
Sligeach 24 564.6 370
Longfort 14 482 197
Liatroim <5 430.7 138

Minicíocht 7 lá 396.4

Meán gluaiseachta 5 lá 2,430