Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 22 Iúil 2021
- Foilsithe: 22 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh 1,189* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 95 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 23 acusan san aonad dianchúraim.
(*D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.)
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá an leagan Delta ceannasach anois ar fud an AE agus, le seachtainí beaga anuas, thugamar ar aird méadú mór i leibhéal na gcásanna a bhaineann le taisteal. "De réir mar a mhéadaíonn minicíocht an ghalair anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa, tá sé tábhachtach, má tá sé ar intinn agat taisteal, go bhfuil tú ar an eolas faoi phróifíl an ghalair sa cheantar a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air, chomh maith leis na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm go háitiúil.
“Níor cheart ach iad siúd atá vacsaínithe go hiomlán nó atá tar éis téarnamh ó COVID-19 le 180 lá anuas a bheith ag smaoineamh ar thaisteal idirnáisiúnta ag an tráth seo.
“Má d’fhill tú ar Éirinn le déanaí agus má tá aon siomptóim #COVID19 agat lena n-áirítear fiabhras, casacht, tinneas cinn, scornach tinn nó srón phlúchta nó atá ag sileadh, féin-aonraigh le do thoil agus déan tástáil gan mhoill."