Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 26 Márta
- Foilsithe: 26 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Staitisticí ospidéil
- Inscne na n-othar
- An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air
- Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh
- Oibrithe cúram sláinte
- Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Cásanna de réir contae
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil deichniúr othar eile in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil, ba iad sin: triúr ban agus seachtar fear.
Chónaigh naonúr in oirthear na tíre agus chónaigh an t-othar eile sa deisceart.
Is é aois airmheánach na n-othar ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu agus a fuair bás ná 79 mbliana d’aois. Fir a bhí i 68% díobh agus mná a bhí i 32% díobh.
Tá 19 mbás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 255 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn amhail 1pm, Déardaoin an 26 Márta.
Tá 1,819 gcás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta (1,383 chás):
- baineann 55% de chásanna le fir agus baineann 45% díobh le mná, agus 66 bhraisle ann a chuimsíonn 295 chás
- is é aois airmheánach na gcásanna deimhnithe ná 46 bliana d’aois
- cuireadh 40 cás (25%) san ospidéal
- díobh sin a cuireadh san ospidéal, ligeadh 47 gcás isteach san Aonad Dianchúraim
- baineann 321 chás (23%) le hoibrithe cúram sláinte
- ba i mBaile Átha Cliath a chonacthas an líon ab airde cásanna, agus é cothrom le 774 chás (56% de na cásanna uile). Ba i gCorcaigh (154 chás) a chonacthas an dara líon ab airde cásanna (11% de na cásanna uile)
- maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas; tá tarchur pobail freagrach as 51% díobh, tá dlúth-theagmháil freagrach as 22% díobh agus tá taisteal thar lear freagrach as 27% díobh
Cé go léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil imní ar 35% de dhaoine faoina sláinte féin, léirítear ann freisin go bhfuil imní ar 77% díobh faoi shláinte a ndaoine muinteartha agus a gcairde.
Déantar suirbhé ar líne atá ionadaíoch don tír ar fad ar 1,270 aosach dhá uair in aghaidh na seachtaine agus nochtar an méid seo a leanas sna torthaí ón suirbhé a rinneadh inniu:
- bíonn 66% de dhaoine ag déanamh casacht isteach ina n-uillinn
- bíonn 81% de dhaoine ag cloí le scaradh fisiciúil agus iad ag ciúáil
- tá imní ar 65% de dhaoine faoin ngeilleagar
- tá imní ar 32% de dhaoine faoina stádas fostaíochta
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Nílimid ach i dtús an chuair. Teastaíonn uainn go gcloífeadh gach saoránach leis an gcomhairle agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun gach duine dínn a chosaint."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is eol dúinn go bhfuil COVID-19 ag dul i bhfeidhm ar an ngnáthshaol do gach duine agus go bhfuil a saol á athmhúnlú dá bharr. Bunaithe ar na sonraí, is féidir linn a fheiceáil go bhfuil imní ar dhaoine faoina ndaoine muinteartha agus faoina gcairde thar aon rud eile. Beidh tú in ann na daoine sin a chosaint ach aire a thabhairt duit féin, srian a chur le do ghluaiseacht agus cloí leis an gcomhairle a thugtar."
Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir um Shláinte Phoiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Is féidir linn sinn féin a chosaint ar COVID-19. Tá sé tábhachtach go leanfaimis lenár lámha a ghlanadh agus go gcloífimis le dea-shláinteachas casachta agus sraotha i gcónaí."
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Cé go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag gabháil d’ullmhúchán fairsing do COVID-19, dá mhéad a ghlacaimidne, mar dhaoine aonair, freagracht phearsanta as cur isteach ar leathadh an víris is ea is mó tionchar is féidir linn a imirt ar dhaoine soghonta a chosaint agus ar shaolta a shábháil."
Tá na staitisticí is déanaí ar fáil freisin ar an [nasc inmheánach: 71739 | Deais Faisnéise COVID-19. ]
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
Inscne na n-othar
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Oibrithe cúram sláinte
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
Cásanna de réir contae
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Máirt an 24 Márta.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.