English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 29 Iúil 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,361* cás deimhnithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 160 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 26 astu siúd san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá orainn leanúint le rátaí vacsaínithe a chur chun cinn a mhéid agus is féidir. Dá mhéid vacsaíniú a dhéanaimid is é is fearr an chosaint a bheidh againn agus is é is luaithe a bheimid in ann níos mó de na srianta geilleagracha agus sóisialta a laghdú atá i bhfeidhm go fóill.”

“Tá ionad vacsaínithe siúil isteach á n-oscailt fud fad na tíre agus is féidir le duine ar bith níos sine ná 16 bliana d’aois clárú do vacsaín COVID-19. Spreag do chairde agus do dhaoine muinteartha a chinntiú go dtugtar eolas iontaofa dóibh faoi na vacsaíní atá ar fáil anseo agus go ndéantar iad a vacsaíniú a luaithe agus is féidir.”

“Is éard atá i ndán dár n-oibrithe traochta cúraim sláinte i míonna an gheimhridh amach romhainn ná an fliú, iontrálacha eile ionfhabhtaithe riospráide anuas ar an riaráiste cúraim sceidealaithe agus neamhsceidealaithe ar cuireadh isteach air mar gheall ar COVID-19. Tá sé tuillte acu go leanaimid ag cloí leis na cosaintí bunúsacha pearsanta sláinte poiblí; déan bainistiú ar do theagmhálaithe, coimeád fad amach ó dhaoine eile, nigh/díghalraigh do lámha go rialta, cloí le béasaíocht chasachta/sraotha, seachain sluaite, caith maisc taobh istigh agus i suíomhanna plódaithe, má thagann comharthaí COVID-19 ort, déan aonrú agus iarr go ndéanfar tástáil ort.”

CRÍOCH

Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil.Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil.

  • D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.