English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin An 3 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 4 Meán Fómhair 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Ag meán oíche, Dé Céadaoin, an 2 Meán Fómhair, bhí 95 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 29,206* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu:

  • 52 fear agus 43 bean
  • tá 67% faoi 45 bliain d’aois
  • tá sé deimhnithe go mbaineann 47% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálaithe de chás deimhnithe iad
  • tá sé deimhnithe gur tharla 16 chás mar thoradh ar scaipeadh sa phobal
  • 51 i mBaile Átha Cliath, 6 i gCill Dara, 6 sa Mhí, agus tá an 32 cás eile i gCeatharlach, An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, An Longfort, Lú, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Port Láirge, An Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, An Roinn Sláinte:

"Braitheann an víreas ar theagmháil dhaonna. Níl aon athrú tagtha ar an víreas agus níl aon athrú tagtha ar na bearta bunúsacha atá ann chun gach duine a chosaint. Is iad na bearta bunúsacha seo na bearta is tábhachtaí chun COVID-19 a choinneáil faoi smacht. Ná déan dearmad do lámha a ní ar feadh 20 soicind, aghaidhchlúdach a chaitheamh ar bhealach atá sábháilte, gan lámh a leagan ar d’aghaidh, casacht i dtreo d’uillinne, líon do theagmhálaithe sóisialta a laghdú agus spás 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile."

CRÍOCH

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 3 chás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh sa 29,206 cás.