Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 30 Nollaig 2021
- Foilsithe: 30 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 20,554* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 619 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 88 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Don cheathrú uair an tseachtain seo, táimid ag tuairisciú an líon is airde riamh de chásanna deimhnithe COVID-19 in Éirinn.
“Is é an bealach is éifeachtaí chun an baol a bhaineann le haon duine againn an víreas seo a tharchur chuig daoine eile a íoslaghdú ná gan meascadh taobh istigh le daoine ó theaghlaigh eile. Tá a fhios agam nach é seo an chomhairle ba mhaith le haon duine againn a chloisteáil, go háirithe roimh cheiliúradh na hAthbhliana. I bhfianaise phróifíl reatha an ghalair, áfach, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ar aghaidh ag coinneáil ár dteagmhálacha sóisialta chomh híseal agus is féidir sna laethanta amach romhainn.
“Le 24 uair an chloig anuas, chuaigh 148 duine le COVID-19 isteach san ospidéal nó fuair siad toradh tástála “braite” agus iad san ospidéal. Níl na hospidéil in ann dul i ngleic leis na leibhéil seo agus tá tionchar suntasach acu ar ár seirbhís sláinte. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil na figiúirí seo ag méadú mar gheall ar an mborradh san ionfhabhtú Omicron, arb ionann é anois agus breis agus 90% de chásanna deimhnithe PCR in Éirinn. Tá os cionn 90% de na daoine in ospidéal agus i ndianchúram a bhfuil COVID-19 orthu ann chun COVID-19 a bhainistiú; tá galar 'teagmhasach' (aisiomptómach, neamh-thógálach) ag níos lú ná 5% díobh siúd atá in ospidéal nó i ndianchúram."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá Omicron i bhfad níos tógálaí ná na leaganacha roimhe seo agus tá minicíocht ar fud na tíre i bhfad níos airde anois ná mar a bhí tráth ar bith den phaindéim. Mar gheall air seo, beidh go leor daoine ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2, ainneoin go bhfuil teanndáileog faighte acu agus go bhfuil bearta eile déanta acu chun iad féin a chosaint. Cosnóidh a dteanndáileog an tromlach mór ar thrombhreoiteacht áfach agus cuideoidh sé lenár seirbhís sláinte agus ár n-acmhainn cúraim chriticiúil a chosaint.
“Go dtí seo, tá breis agus dhá mhilliún duine tar éis a teanndáileog a fháil. Murach sin, bheadh an tionchar reatha ar an ospidéal i bhfad níos measa. Glac an deis le do thoil agus bain úsáid as do theanndáileog chomh luath agus a bheidh sé ar fáil duit. Mura bhfuil aon vacsaín COVID-19 faighte agat go fóill, níl sé ró-dhéanach. Glac an deis agus bain leas aisti mar, gan í, tá tú i mbaol drochthinnis má fhaigheann tú an galar."
CRÍOCH