English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 4 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 75 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 46 díobh sin i mí Feabhra, bhásaigh 27 i mí Eanáir agus bhásaigh beirt níos luaithe.

84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 34-100 an raon aoise.

3,586* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 3 Feabhra, cuireadh 1,318 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 200,744** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 622 / is mná iad 688 díobh
  • Tá 58% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 40 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 428 i mBaile Átha Cliath, 122 i gCorcaigh, 93 i nGaillimh, 78 i gCill Dara, 77 i Luimneach agus tá na 520 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.***

Amhail 2pm inniu, tá 1,284 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 188 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 74 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá a fhios againn gurb iad na daoine os cionn 70 bliain d'aois is mó a d'fhulaing de bharr COVID-19 agus gur iadsan is mó a bhásaigh mar gheall air. Tá Éire i gcaoi mhaith anois; is féidir linn vacsaíní an-éifeachtach agus sábháilte a thairiscint don chohórt seo anois."

“Tá sé léirithe gurb iad na vacsaíní mRNA, sé sin Pfizer/BioNTech, atá ceadaithe lena n-úsáid in Éirinn, na cinn is éifeachtaí agus is iad sin na vacsaíní cearta leis an gcosaint is fearr a thabhairt do dhaoine atá os cionn 70 bliain d'aois."

“Sna seachtainí amach romhainn, gheobhaidh níos mó dár ngaolta leochaileacha a vacsaínithe COVID-19. Is dea-scéal é seo agus tugann sé dóchas dúinn go léir. Fiú má fuair tú do vacsaín COVID-19, áfach, ní mór duit leanúint de do lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh, achar sóisialta a choinneáil agus do dhlúth-theagmhálacha a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Go dtí go mbeidh an vacsaín faighte againn go léir, caithfimid gníomhú amhail is nár vacsaíodh aon duine againn."

An Dr Lucy Jessop, Stiúrthóir, an Oifig Náisiúnta Imdhíonta:

“Oibríonn an NIO le comhghleacaithe ar fud FSS agus i gcúram príomhúil chun na milliúin vacsaíní a riar gach bliain. Táimid ag baint úsáide as an saineolas agus an taithí ollmhór atá againn chun Clár Vacsaínithe COVID-19 a sheachadadh go sábháilte."

“Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe san Oifig Náisiúnta Imdhíonta ag obair go crua chun ár n-ullmhúcháin a thabhairt chun críche, ag cinntiú go bhfuilimid réidh le vacsaíní sábháilte agus éifeachtacha a thabhairt do na daoine is leochailí inár sochaí de réir mar a ghlaofar orthu”.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Oifigeach Míochaine, an Roinn Sláinte:

“Inniu tá cloch mhíle shuntasach bainte amach againn agus muid ag tuairisciú níos mó ná 200,000 cás deimhnithe. Ní mór dúinn ár míle dícheall a dhéanamh líon na gcásanna agus minicíocht an ghalair sa bpobal a laghdú."

“Tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil moill ar dhaoine a bhfuil siomptóim acu teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh chun tástáil a shocrú. Tá sé ríthábhachtach chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhfuil siomptóim COVID-19 agat gur chóir duit féin-aonrú agus teagmháil a dhéanamh láithreach le do dhochtúir teaghlaigh. Trí ghníomhú go tapa, is féidir linn scaipeadh COVID-19 a chosc agus ár ngaolta leochaileacha a chosaint."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

“Beidh na seachtainí beaga romhainn deacair dúinn go léir agus muid ag iarraidh líon na gcásanna in aghaidh an lae a thabhairt anuas faoi 1000, agus an chuma air go bhfuil ár ndul chun cinn ag moilliú. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh leanúint lenár n-iarrachtaí agus líon na gcásanna a thabhairt anuas chomh híseal le mí an Mheithimh agus mí Iúil seo caite. Maidir leis sin, is dea-scéal é go léiríonn ár meastacháin go bhfuil an uimhir atáirgthe i bhfad faoi bhun a haon - thart ar 0.5 – 0.8."

“Thug mé ar aird an tseachtain seo caite go mbeidh tionchar ag tástáil dlúth-theagmhálacha ar líon na gcásanna sna laethanta amach romhainn. Níor chóir go mbeadh díomá orainn faoi seo, taispeánann sé go bhfuilimid tar éis bogadh ón gcéim maolaithe a bhí ann le cúpla seachtain anuas, ar ais go dtí an chéim coimeádta ina bhfuilimid ag rianú gach slabhra tarchuir a d'fhéadfadh a bheith ann."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 3,586 bás é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 200,744 cás deimhnithe é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 03 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 03 Feabh 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 03 Feabh 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (21 Ean 2021 go 03 Feabh 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (21 Ean 2021 go 03 Feabh 2021)
Éire 1,318 1,102 397.1 18,909
Muineachán 27 27 876.4 538
Port Láirge 40 40 612.9 712
38 38 609.9 786
Ceatharlach 46 20 586.7 334
Loch Garman 28 54 525.0 786
Baile Átha Cliath 428 383 480.6 6,475
Maigh Eo 27 30 442.1 577
Uíbh Fhailí 21 17 424.6 331
An Mhí 68 42 411.2 802
Gaillimh 93 70 374.7 967
Luimneach 77 47 374.6 730
An Longfort 8 5 345.0 141
Cill Dara 78 53 342.9 763
Dún na nGall 36 27 338.0 538
Corcaigh 122 97 323.7 1,757
An Cabhán 23 14 320.3 244
Sligeach 13 12 311.3 204
Tiobraid Árann 22 24 301.5 481
Laois 19 18 277.5 235
Cill Mhantáin 27 2 275.2 392
An Iarmhí 16 13 268.1 238
An Clár 14 12 216.3 257
Liatroim 8 5 209.1 67
Cill Chainnigh 16 10 195.5 194
Ciarraí 20 14 183.5 271
Ros Comáin <5 5 137.9 89

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna do laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 171.6
  • Meán gluaisteacha 5 lá 1,102