English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin, an 5 Márta 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte tráthnóna inniu faoi sheacht gcás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn.

  • Baineann ceithre chás le taisteal ó thuaisceart na hIodáile, agus ceathrar fear ó oirthear na tíre i gceist leo
  • Baineann dhá chás le dlúth-theagmháil le cás deimhnithe, agus beirt bhan ó iarthar na tíre i gceist leo
  • Tá fear ó dheisceart na tíre i gceist leis an gcás eile, ar cás de tharchur pobail é, agus baineann sé le hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh. Tá measúnú riosca á dhéanamh ina leith

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.

Tá 13 chás dheimhnithe de Covid-19 ann in Éirinn anois.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Tá Éire fós i gcéim an tsrianta agus ní fhacamar ach cás amháin de tharchur pobail go dtí seo. Bíonn an staid ag athrú go tapa, áfach. Tá dochtúirí sláinte poiblí ag obair go crua chun a chinntiú go bhfuil ag éirí lenár mbearta um shrianadh.

"Cé go mbeidh tinneas éadrom ar fhormhór na ndaoine a dtiocfaidh Covid-19 orthu agus go dtéarnóidh siad ansin, tarlóidh sé go bhfulaingeoidh daoine áirithe siomptóim níos troime.

"Beidh iarracht náisiúnta ag teastáil uainn ina leith seo. Is gá go mbeadh gach duine ar an eolas faoi conas is féidir leo a sláinte féin agus sláinte daoine eile a chosaint.

"Is é an bealach is tábhachtaí inar féidir leo é sin a dhéanamh ná cloí le comhairle sláinte poiblí. Gné lárnach den chomhairle sin is ea na bearta cosanta is féidir linn go léir a dhéanamh in aghaidh Covid-19. Áirítear iad seo a leanas leis na bearta sin:

  • Nigh do lámha go rialta le gallúnach agus uisce.
  • Fág achar aon mhéadair (trí troithe) ar a laghad idir tú féin agus aon duine atá ag déanamh casachta nó sraotha.
  • Seachain teagmháil le do shúile, do shrón agus do bhéal.
  • Cloígh le dea-shláinteachas casachta agus sraotha - cumhdaigh do bhéal nó do shrón le huillinn chlaonta nó ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth. Faigh réidh leis an gciarsúr páipéir lom láithreach.
  • Coinnigh ar an eolas: coinnigh súil ar an bhfaisnéis is déanaí faoi Covid-19 ag www.hse.ie.

"Ag an gcruinniú de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Dé Máirt, bhunaíomar foghrúpa chun féachaint ar chosaint oibrithe cúram sláinte agus cúraim shóisialta.

"Beidh sé sin ar cheann de na tosaíochtaí a bheidh againn fad a bheimid ag freagairt do Covid-19 in Éirinn. Beidh ar dhaoine den phobal a gcuid a dhéanamh freisin chun leathadh an ghalair nua seo a chosc agus chun iad féin agus a ndaoine muinteartha a chosaint."

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil ar FSS:

"Is mór againn obair chrua agus tiomantas ár n-oibrithe cúram sláinte ar an túslíne agus beidh na daoine sin ríthábhachtach do chóras cúram sláinte na hÉireann de réir mar a dhéileálaimid leis an staid seo.

"A bhuí lena dtiomantas agus a ngairmiúlacht leanúnach, cabhrófar linn an bhagairt a ghabhann le Covid-19 a sheasamh."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Tá gníomhartha ann ar féidir le gach oibrí aonair inár gcóras cúram sláinte iad a dhéanamh agus ba cheart dóibh na gníomhartha sin a dhéanamh anois:

  • Athdhírigh d’aird ar dhea-shláinteachas láimhe agus riospráide.
  • Déan cinnte de go bhfuil tú oilte i dTrealamh Cosanta Pearsanta a úsáid go cuí.
  • Rud ba thábhachtaí fós, más rud é go raibh tú i dteagmháil le cás deimhnithe nó gur thaistil tú ar ais ó réigiún atá thíos leis an víreas le déanaí, bí san airdeall ar chomharthaí agus siomptóim COVID-19 ar feadh tréimhse 14 lá agus ná freastail ar an obair gan an méid sin a phlé ar dtús leis an Rannóg Sláinte Poiblí is gaire duit."

Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.

Aon duine a thaistil ó réigiún atá thíos leis an víreas sna 14 lá seo a chuaigh thart nó a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil imní air/uirthi go bhfuil siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú ó dhaoine eile agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.

Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (mórthír na Síne, an Chóiré Theas, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach

Aon duine a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe Covid-19 sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach

aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (an tSín, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil an tsláinte aige/aici, ba cheart dó/di dul chuig www.HSE.ie chun comhairle a fháil.

Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.

Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:

  • Casacht
  • Giorra anála
  • Deacrachtaí análaithe
  • Fiabhras (ardteocht)

Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Niúmóine
  • Giorra anála
  • Deacrachtaí análaithe
  • Fiabhras (ardteocht)

Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):

  • Nigh do lámha i gceart agus go rialta
  • Cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth

Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:

  • Tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
  • Tar éis duit an leithreas a úsáid
  • Sula n-íosfaidh tú
  • Sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach