English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 7 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil deichniúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,307* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 2,307 bás é sin.)

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 6 Eanáir, cuireadh 6,521 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 127,657 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 3,070 agus is mná iad 3,432 díobh
  • tá 62% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 37 aois airmheánach na ndaoine
  • tá 2,174 i mBaile Átha Cliath, 571 i gCorcaigh, 382 i Luimneach, 342 i bPort Láirge, 315 i Loch Garman agus tá na 2,737 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu tá 1,043 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 96 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 99 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH