Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 9 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 28 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:

  • tá 22 básaithe san oirthear, 2 san iarthuaisceart, 2 sa deisceart agus 2 san iarthar
  • bhí 15 bean agus 13 fear san áireamh sna daoine
  • 84 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 19 duine

Tá 263 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 500 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, Déardaoin an 9 Aibreán.

Tá 6.574 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Nocht sonraí samhaltaithe na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí gur laghdaigh iarracht na hÉireann go dtí seo tarchur an víris go suntasach:

  • tá an ráta fáis laghdaithe ó 33% go laethúil i seachtainí tosaigh na ráige seo, go 9% an tseachtain seo
  • bhí líon na ndaoine, ar an meán, ar dóigh a ionfhabhtódh duine le COVID 19 ard ag tús na ráige ag 4.5. Feicimid anois go bhfuil an uimhir 'A' (atáirgeadh) laghdaithe go mór

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Grúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann (IEMAG):

“Nuair a mhéadaíonn uimhir A fiú píosa beag os cionn 1, ardóidh líon na gcásanna nua in aghaidh an lae, go mall ach gan stad gan staonadh.

“Táimid ag pointe an-íogair agus criticiúil inár bhfreagra ar an bpaindéim seo."

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá an víreas fós á chothú féin inár bpobal. Mura bhfanfaimid sa bhaile agus mura gcleachtaimid fadú fisiceach nílimid chun stop a chur leis an scaipeadh.

“Tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh gach duine aird ar na rioscaí a bhaineann leis an víreas seo, go leanann siad na treoirlínte agus nach dtugann siad deis don víreas seo scaipeadh.

“Ní mór dúinn an chomhairle sláinte poiblí a leanúint chomh dlúth agus is féidir linn ionas gur féidir linn scaipeadh an víris a theorannú.

"Fan sa bhaile, cleachtadh fadú fisiceach, cleachtadh sláinteachas lámh, cosain a chéile."

Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí ollmhóra na n-oibrithe cúram sláinte atá ag tabhairt aire d’othair in ospidéil agus sa phobal. Is é an bealach is fearr is féidir le daoine tacaíocht a thaispeáint dóibh ná fanacht sa bhaile agus aird a thabhairt ar na treoirlínte. Coinníonn sé sin gach duine sábháilte. "

Taispeánann taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil an riosca a braitheadh maidir le COVID-19 a tholg laghdaithe go mór, ó 43% an 26 Márta go dtí 32% faoi láthair.

Léiríonn an suirbhé ar líne ionadaíoch náisiúnta ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:

  • tá leibhéil sástachta leis an méid faisnéise a fhaightear ón rialtas nó ó ghníomhaireachtaí stáit an-ard ag 87%
  • tá iompar cnuasaigh tite siar go 15% de dhaoine fásta: an leibhéal a taifeadadh ag tús na géarchéime an 2 Márta
  • leanann céatadán na ndaoine atá á n-iompar féin go sábháilte de bheith ag ardú maidir le hiompraíochtaí cosúil le lámha a ní (95%) díghalrán a úsáid (81%), ach tá sé tite maidir le suí scartha ó dhaoine eile (63%) rud a léiríonn níos mó ama á chaitheamh sa bhaile seans
  • tá sé i gceist ag móramh mór leanúint ar aghaidh le hiompraíochtaí áirithe tar éis an Choróinvíris, lena n-áirítear lámha a ní (93%), casacht isteach san uillinn (77%) agus díghalrán a úsáid (59%)
  • tá an céatadán a bhraitheann go bhfuil an chuid is measa den ghéarchéim COVID-19 fós le teacht tar éis titim go mór ó 85% an 16 Márta go dtí 62% inniu

Cásanna ó Dé Máirt an 7 Aibreán

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an7 Aibreán (6,444 cás):

  • is fir iad 45% díobh agus is mná 53% díobh, agus baineann 1,391 cás le 317 cnuasach
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,521 cás (24%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 230 cás isteach san ICU
  • tá baint ag 1,765 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 3,557 cás, (55% de na cásanna go léir) agus i gCorcaigh ina dhiaidh sin le 472 cás (7%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 24%, is ionann taisteal thar lear agus 9%

Miondealú ar na 263 bás COVID-19 in Éirinn

  • tharla 187 cás (72%) i dtimpeallacht ospidéil
  • bhí 30 cás (11%) in Aonaid Dianchúraim
  • bhí fadhbanna sláinte eile ag 214 cás
  • bhí 161 fear agus 102 bean i gceist
  • 81 aois airmheánach na ndaoine

Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).

CRÍOCH

Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna
6444
Líon iomlán san ospidéal
1521
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU
230
Líon iomlán na mbásanna
257
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte
1765
Líon na gcnuasach curtha in iúl
317
Aois airmheánach
48
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.

Inscne na n-othar

Baineann
3425
53.2
Fireann
2923
45.4
Anaithnid
96
1. 5
Iomlán
6444
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa
Líon
mar % den Iomlán
<1
14
0.2
1 - 4
19
0.3
5 - 14
43
0.7
15 - 24
384
6
25 - 34
1103
17.1
35 - 44
1176
18.2
45 - 54
1219
18.9
55 - 64
922
14.3
65+
1544
24
Anaithnid
20
0.3
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail
67%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe
24%
Taisteal Thar Lear
9%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.

Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa
Líon na gcásanna
Céatadán den iomlán
<5
9
0.6
5 - 14
4
0.3
15 - 24
37
2.4
25 - 34
103
6.8
35 - 44
130
8.5
45 - 54
231
15.2
55 - 64
237
15.6
65+
768
50.5
Anaithnid
2
0.1
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach
16
0.2%
An Cabhán
132
2%
An Clár
68
1.1%
Corcaigh
472
7.3%
Dún na nGall
125
1.9%
Baile Átha Cliath
3557
55.2%
Gaillimh
134
2.1%
Ciarraí
125
1.9%
Cill Dara
253
3.9%
Cill Chainnigh
90
1.4%
Laois
37
0.6%
Liatroim
23
0.4%
Luimneach
173
2.7%
Longfort
36
0.6%
106
1.6%
Maigh Eo
134
2.1%
An Mhí
198
3.1%
Muineachán
63
1%
Uíbh Fhailí
81
1.3%
Ros Comáin
22
0.3%
Sligeach
28
0.4%
Tiobraid Árann
140
2.2%
Port Láirge
56
0.9%
An Iarmhí
142
2.2%
Loch Garman
26
0.4%
Cill Mhantáin
207
3%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat