An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - de hAoine 24 Lúil 2020
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,763 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Déardaoin an 23 Iúil, cuireadh 20 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
Tá 25,845* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Is galar an-tógálach é COVID-19 atá fós ag scaipeadh inár bpobail. Is tinneas contúirteach é nach bhfuil aon duine ag iarraidh a tholg.
“Cé go bhfuil cúis againn a bheith dearfach, caithfimid leanúint ar aghaidh ag obair le chéile i dtreo ár gcomhsprioc seirbhísí cúram sláinte a atosú, scoileanna ár leanaí a athoscailt, agus na daoine is leochailí a chosaint.
“Léiríodh le roinnt seachtainí anuas má dhéanaimid scaradh fisiceach, ár lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí agus ár gcasacht agus sraothartach a chlúdach, le chéile is féidir linn srian a chur ar scaipeadh COVID-19. Coinnímid orainn."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,845 cás deimhnithe é seo.