Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Tionóltar an chéad chruinniú de chuid an tSainghrúpa Chomhairligh
- Foilsithe: 5 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2020
Tionóladh an chéad chruinniú de chuid an tSainghrúpa Chomhairligh um Choróinvíreas san Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte i mBaile Átha Cliath 1 inniu.
Tá an Sainghrúpa ina fhoghrúpa de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, a bhíonn ag teacht le chéile go rialta chun freagairt don Choróinvíreas nua (2019-nCoV).
Tá an Sainghrúpa Comhairleach faoi chathaoirleacht ag an Dr Cillian de Gascun, Stiúrthóir Saotharlainne ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, agus is grúpa ildisciplíneach é a chuimsíonn saineolaithe ó gach speisialtacht ábhartha.
Ag labhairt dó faoi bhunú an tSainghrúpa Chomhairligh, dúirt an Dr Tony Holohan,
Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Déanfaidh an Sainghrúpa Comhairleach faireachán agus athbhreithniú ar thaighde agus forbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le Coróinvíreas (2019-nCoV) agus tabharfaidh sé sainchomhairle don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus do dhaoine eile, de réir mar is cuí.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an Grúpa comhdhéanta de shaineolaithe ó na disciplíní uile, agus iad ag cur a saineolais ilghnéithigh le hullmhacht leanúnach na hÉireann.”
Dúirt an Dr Cillian de Gascun, Cathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach:
“Imreoidh an Sainghrúpa Comhairleach ról tábhachtach in athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhairle agus an treoir reatha maidir leis an ullmhacht agus an fhreagairt do 2019-nCoV, sainaithneoidh sé bearnaí agus tabharfaidh sé sainchomhairle shoiléir fhianaisebhunaithe don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí maidir le saincheisteanna ullmhachta agus freagartha.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ní raibh aon chásanna deimhnithe Coróinvíris ann in Éirinn go dtí seo.
Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith an Choróinvíris nua (2019-nCoV) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 1.00pm.
Déan Iarrataí ar Agallaimh chuig press_office@health.gov.ie
Comhaltaí den Sainghrúpa Comhairleach