English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - Dé Luain 2 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Fógraíodh don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt eile básaithe de bharr COVID-19.

Tá 1,917 duine ar an iomlán básaithe de bharr COVID-19 go dtí seo in Éirinn.

Ag meánoíche ar Dé Domhnaigh an 1 Samhain, bhí fógra faighte ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go raibh 767 duine buailte le COVID-19. 62,750* an líon cásanna deimhnithe COVID-19 in Éirinn ó thús na paindéime.

(*Cealaíodh na fógraí ag baint le 19 gcás deimhnithe nuair a bailíochtaíodh sonraí an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte . Cuirtear an méid sin in iúl sa líon cásanna deimhnithe, 62,750.)

Maidir leis na cásanna a deimhníodh inniu:

  • fir is iad 355 agus mná is iad 411
  • tá 68% acu faoi bhun 45 bliana d'aois
  • is é 33 an aois airmheánach.
  • 321 i mBaile Átha Cliath, 84 i gCorcaigh, 47 sa Mhí, 34 i Luimneach, 24 i Ros Comáin, agus an 257 gcás eile sna contaetha eile

Ag 2.i.n. inniu bhí 322 othar san ospidéil le COVID-19, agus bhí 44 acu siúd san aonad dianchúraim. Cuireadh 16 duine san ospidéil le 24 uaire anuas.

Tá eolas suas le dáta maidir le príomhtháscairí COVID-19 sa phobal le fáil ar an Deais COVID-19.

CRÍOCH