Ráiteas ón bPríomhoifigeach Leighis, an Dr. Tony Holohan - Dé Domhnaigh an 21 Samhain 2021
- Foilsithe: 21 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá tionchar diúltach ag leibhéal reatha COVID-19 in Éirinn ar shláinte mhuintir na hÉireann agus tá sé ag cur ualach ollmhór ar ár gcóras sláinte iomlán, ó shláinte an phobail go cleachtas ginearálta go dtí ár n-ospidéil ghéarmhíochaine. Tá drochthionchar fós ar chúram neamh-COVID - lena n-áirítear máinliacht ailse, cúram cairdiach, athchur cromáin agus glúine, meabhairshláinte agus na tinnis choitianta a d’fhéadfaí a chosc ó mheathlú níos mó dá ndéanfaí iad a aithint go pras.
Táimid go léir an-tuirseach den phaindéim seo. Arís agus arís eile d’iarramar ar mhuintir na hÉireann éisteacht le teachtaireachtaí sláinte poiblí agus gníomhú ar mhaithe leis an leas comhchoiteann. Arís agus arís eile d'éist formhór mór leis na teachtaireachta sin agus thug siad freagra.
Trí ghníomhartha beaga aonair agus comhchoiteanna is féidir linn é seo a athrú.
Tá níos mó ná 90% díobh siúd atá incháilithe tar éis vacsaíniú a fháil agus tá éifeacht dhearfach ag an leibhéal ard vacsaínithe seo, go háirithe maidir le trombhreoiteacht, maidir le tréimhse san ospidéal agus básanna a chosc. Tá a fhios againn go gcuirfidh vacsaíní teanndáileoige leis an gcosaint seo. Tá tionchar dearfach acu cheana féin orthu siúd a fuair iad. Tá sé thar a bheith tábhachtach má ghlaoitear tú chun do teanndáileog a fháil, go ndéanfaidh tú é sin láithreach.
Leis na leibhéil arda tarchuir, táimid an-leochaileach ó bhorradh tobann, neamh-inbhuanaithe ionfhabhtaithe, mar atá á fheiceáil againn i láthair na huaire. Is ar an gcúis seo go gcaithfimid a iarraidh anois ar dhaoine leanúint de bheith ag éisteacht le teachtaireachtaí sláinte poiblí. Tá a fhios againn go bhfuil sé níos deacra freagra a thabhairt ar an nglao seo anois ná ag am ar bith roimhe seo.
Baineadh an chuid is mó de na srianta agus athosclaíodh an tsochaí den chuid is mó. Tá a fhios againn, mar thoradh air sin, go mbraitheann go leor daoine cinnte faoi cad ba cheart nó nár cheart a bheith á dhéanamh acu. Is féidir le daoine a roghnú anois dul i mbun go leor gníomhaíochtaí éagsúla, in áiteanna éagsúla. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé seo gur suíomh riosca íseal do COVID-19 gach timpeallacht atá ar fáil duit. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach duine ar an eolas faoi na bearta sláinte poiblí is féidir leo a dhéanamh chun iad féin a chosaint agus chun stop a chur le scaipeadh an ghalair seo. Fanann an phríomhchomhairle sláinte poiblí do dhaoine mar an gcéanna.
Dírigh ar na cúig ghníomh seo chun do riosca a laghdú agus tú féin agus do theaghlach a choinneáil slán sna seachtainí amach romhainn:
1. Má tá siomptóim nó fliú ort aonraigh láithreach agus faigh tástáil PCR, ní tástáil antaigin
Is é an rud is tábhachtaí is féidir leat a dhéanamh má tá siomptóim agat ná féin-aonrú láithreach agus tástáil PCR a chur in áirithe ar líne nó teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh. Má fhaigheann tú toradh tástála PCR nach mbraitheann COVID-19, ba cheart duit aonrú go dtí 48 uair an chloig tar éis de do chuid siomptóim socrú. Féadann sé seo cabhrú leat COVID-19 agus tinnis riospráide eile a tharchur chuig do chairde, do mhuintir nó do chomhghleacaithe oibre.
2. Cuir na daoine ar gá duit bualadh leo in ord tosaíochta
Ní chiallaíonn sé seo fanacht sa bhaile. Ní chiallaíonn sé gach teagmháil le daoine eile a sheachaint. Ach is é fírinne an scéil gur mó an líon daoine a chasfaidh tú leo, is mó an baol go dtolgfaidh tú COVID-19. Agus cuimhnigh, tá níos mó seans ann go bhfaighimid COVID-19 ó dhuine a bhfuil aithne againn air - cara, comhghleacaí oibre, comh imreoir - ná strainséir a théann tharainn i siopa nó ar an mbus. Táimid ag iarraidh ar gach duine a gcuid teagmhálacha a laghdú ar cibé bealaí is fearr leo. Áireofar leis seo obair ón mbaile mura gá freastal go pearsanta; má tá tú ag bualadh le daoine ó lasmuigh de do theaghlach coinnigh an grúpa beag; seachain spásanna plódaithe agus coinnigh amach ó dhaoine nach bhfuil i do ghrúpa.
3. Buail le daoine eile lasmuigh agus oscail fuinneoga nuair atá sibh taobh istigh
Déan iarracht bualadh le daoine eile lasmuigh. Má tá tú taobh istigh, coinnigh amach ó dhaoine eile agus seachain spásanna droch-aeráilte - is féidir le cáithníní víris treisiú sna spásanna seo, go háirithe má tá daoine ag béicíl, ag canadh nó ag casacht agus méadaíonn sé seo do riosca COVID-19 a tholg. Má bhíonn cuairteoirí agat, oscail fuinneoga go rialta chun an t-aer a choinneáil ag gluaiseacht agus an víreas a shéideadh. Má tá tú ag eagrú imeachta taobh istigh, ansin ba chóir duit a chinntiú go bhfuil an seomra aeráilte go maith.
4. Caith masc
Ba chóir duit masc a chaitheamh gach uair a bhíonn tú i dtimpeallachtaí plódaithe taobh amuigh nó taobh istigh lena n-áirítear i siopaí, ar iompar poiblí, i bpictiúrlanna agus in amharclanna. Ba chóir do dhaoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine agus iad siúd d’aois ar bith atá imdhíon-lagaithe masc aghaidh de ghrád leighis a chaitheamh. Tá sé an-tábhachtach go gcaitear maisc aghaidhe i gceart - ag clúdach ón srón go dtí an smig.
5. Úsáid an tástáil cheart agus smaoinigh cad a chiallaíonn toradh na tástála
Má tá siomptóim COVID-19 agat ba cheart duit aonrú agus tástáil PCR a chur in áirithe ar líne nó teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh. Níor chóir duit tástáil antaigin a dhéanamh; ní chiallaíonn toradh tástála antaigin ‘diúltach’ nach bhfuil COVID-19 agat agus beidh ort aonrú agus tástáil PCR a fháil go fóill. Ar an drochuair, tugann ár gcuid sonraí le tuiscint go bhfuil tromlach na ndaoine atá ag úsáid tástálacha antaiginí faoi láthair siomptómach agus astu siúd, go bhfuil an tromlach a fhaigheann toradh ‘diúltach’ ag glacadh leis go mícheart go gciallaíonn sé seo nach gá dóibh féin-aonrú a thuilleadh nó Tástáil PCR a fháil - rud a d’fhéadfadh go leor daoine a chur i mbaol COVID-19.
Níor cheart duit smaoineamh ar thástáil antaigin a úsáid ach amháin mura bhfuil aon siomptóim den ghalar agat agus mar uirlis bhreise eile, mar aon leis na bearta sláinte poiblí eile go léir, chun COVID-19 a chomhrac go héifeachtach. Má tá an tástáil antaigin seo ‘dearfach’ ansin is gá duit féin-aonrú agus tástáil PCR a shocrú. Má tá an tástáil antaigin ‘diúltach’, d’fhéadfadh go mbeadh an víreas agat fós, agus dá bhrí sin, ba cheart duit leanúint de bheith ag cloí le gach beart sláinte poiblí eile.
Is féidir linn cúrsa an ghalair seo a athrú. Is féidir le hathruithe beaga difríocht mhór a dhéanamh. Le chéile, is féidir linn slabhraí an tarchuir a bhriseadh agus minicíocht an ghalair a laghdú. Trí sin a dhéanamh is féidir linn tionchar dáiríre a bheith againn ar líon na ndaoine a chríochnaíonn suas go dona tinn agus san ospidéal i lár mhí na Nollag.
CRÍOCH