An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Céadaoin 6 Aibreán 2022
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cuireadh 4,076 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Máirt an 5 Aibreán, chláraigh 4,278* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 1,333 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 58 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.
Féach ar an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.