Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Céadaoin an 16 Márta 2022
- Foilsithe: 16 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 5,452 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Máirt an 15 Márta, chláraigh 8,644* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 1,081 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 44 acusan san aonad dianchúraim.
Agus lá saoire bainc Lá Fhéile Pádraig ag druidim linn, tá sé tábhachtach go leanfaimid go léir leis an gcomhairle sláinte poiblí d'fhonn sóisialú go sábháilte agus díriú ar na daoine is leochailí ó COVID -19, agus muid féin, a chosaint.
Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine le diagnóis COVID-19 atá ag fáil cúraim san ospidéal. Tá sé seo ag cur ualach breise ar sholáthar seirbhísí ar fud ospidéil agus Ranna Éigeandála.
Ba cheart d'aon duine a bhfuil siomptóim COVID -19 acu féin-aonrú go dtí 48 uair an chloig tar éis do na siomptóim a bheith réitithe go mór nó go hiomlán - ná freastal ar aon imeachtaí sóisialta, obair, scoil nó coláiste má tá siomptóim ort.
Moltar maisc a chaitheamh i suíomhanna plódaithe faoi dhíon, ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte. Níor chóir go gcuirfí in aghaidh duine ar bith ar mian leo masc a chaitheamh.
Lean ort ag cleachtadh sláinteachas maith láimhe agus riospráide trí lámha a ní agus a dhíghalrú go rialta agus casacht/sraothartach a dhéanamh isteach i d'uillinn. Coinnigh achar fisiciúil nuair is féidir.
Buail le chéile lasmuigh más féidir. Agus tú ag bualadh le daoine taobh istigh, seachain spásanna nach bhfuil aeráilte go maith agus coinnigh fuinneoga ar oscailt.
Ba cheart d'aon duine a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 féin-aonrú ar feadh 7 lá ó dháta tosaithe na siomptóm, nó má tá siad aisiomptómach, ó dháta na chéad tástála deimhní. Ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil deireadh ag teacht lena tréimhse féin-aonraithe ag lá a seacht leanúint ar aghaidh ag cloí le bearta cosanta sláinte poiblí eile. Féach www.gov.ie/covid19 le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Beidh go leor daoine a bhí ionfhabhtaithe le COVID-19 le linn thréimhse na Nollag incháilithe anois le haghaidh teanndáileog den vacsaín COVID-19. Cuir coinne teanndáileoige in áirithe ar www.hse.ie má tá tú 12 bhliain d'aois nó níos sine. Níl sé ró-dhéanach príomhdháileog den vacsaín COVID-19 a fháil. Is iad na vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is measa de COVID-19.
CRÍOCH