English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Céadaoin an 23 Márta 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 7,038 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Máirt an 22 Márta, chláraigh 14,060* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.

Amhail 8am inniu, tá 1,395 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 55 acusan san aonad dianchúraim.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

  • Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.

Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC

Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.

Féach an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.