English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Luain 11 Aibreán 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 1,715 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Domhnaigh an 10 Aibreán, chláraigh 2,049* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.

Ar an Satharn 9 Aibreán, cuireadh 2,756 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte. Chláraigh 2,521* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.

Dé Domhnaigh 10 Aibreán, cuireadh 1,442 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte. Chláraigh 1,725* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.

Amhail 8am inniu, tá 1,081 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 55 acusan san aonad dianchúraim.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.

Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.

Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.

Féach ar an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.