Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Luain 28 Márta 2022
- Foilsithe: 28 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 5,623 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Domhnaigh an 27 Márta, chláraigh 6,466* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
- Ar an Satharn 26 Márta, cuireadh 7,754 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte. Chláraigh 7,706* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.
- Dé Domhnaigh 27 Márta, cuireadh 6,940 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte. Chláraigh 5,432* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.
Amhail 8am inniu, tá 1,624 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 54 acusan san aonad dianchúraim.
Nótaí
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.
Féach ar an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.