Ráiteas ón Roinn Sláinte - Déardaoin 10 Márta 2022
- Foilsithe: 10 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 14 Márta 2022
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 4,065 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR. Ina theannta sin, ar an gCéadaoin 9 Márta, chláraigh 7,617* duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.
Amhail 8rn inniu, tá 877 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 41 acusan in Aonad Dianchúraim.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann