Ráiteas ón Roinn Sláinte Déardaoin - 31 Márta 2022
- Foilsithe: 31 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2022
Cuireadh 5,252 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Céadaoin 30 Márta, chláraigh 6,489* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 1,535 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 58 acusan san aonad dianchúraim.
Nótaí
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.