Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Roinn Sláinte maidir le huimhir shaorghlao Theastas Digiteach COVID

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Mar gheall ar an éileamh mór atá ar uimhir shaorghlao Theastas Digiteach COVID, cinneadh an dara huimhir shaorghlao a chur ar fáil inniu chun freastal ar an líon suntasach glaonna atá á fháil. Is é 1800 807 008 an uimhir nua.

Tá níos mó gníomhairí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoin teastas vacsaínithe agus chun deis a thabhairt do dhaoine teastas téarnaimh a lorg. Beidh an lárionad glaonna ag déileáil le fiosrúcháin phráinneacha sa ghearrthéarma, agus dá réir sin, nílimid ag iarraidh ach ar dhaoine a bhfuil ceist phráinneach acu glaoch ar an lárionad glaonna an tseachtain seo i.e. daoine a bhfuil sé beartaithe acu dul ag taisteal i mí Iúil. Is féidir leat do theastas a lorg am ar bith i rith na seachtainí amach romhainn.

Is féidir ceisteanna maidir le teastas a bhaineann le tástáil COVID-19 a rinneadh go príobháideach a phlé go díreach le do sholáthraí tástála.

Má tá comhairle ghinearálta taistil á lorg agat, féach ar gov.ie/travel.


Nótaí do na hEagarthóirí:

Is fianaise é Teastas Digiteach COVID an AE (i bhformáid dhigiteach nó páipéir):

  • go bhfuil tú vacsaínithe i gcoinne COVID-19
  • go bhfuil toradh diúltach faighte agat i ndiaidh duit tástáil COVID-19 a dhéanamh
  • go bhfuil biseach tagtha ort ó COVID-19 le 6 mhí anuas

Cabhróidh do Theastas Digiteach COVID saor in aisce leat taisteal go sábháilte agus níos éasca laistigh den AE i rith phaindéim COVID-19.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar gov.ie/travel.