Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas leis an Aire Sláinte maidir le bainistíocht sláinte poiblí a dhéanamh ar chásanna agus ar theagmhálaithe agus ar scoileanna.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ghlac an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D. inniu le moltaí maidir le bearta le haghaidh rianú teagmhálaithe agus tástála do chúram leanaí agus do bhunscoileanna. Tiocfaidh na bearta nua i bhfeidhm ó Dé Luain agus rinneadh iad tar éis go ndearnadh plé leis an bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta agus an Príomhoifigeach Leighis.

Ghlac an tAire Donnelly leis na moltaí seo a leanas, atá le cur i bhfeidhm ón 27 Meán Fómhair ar aghaidh:

  • Cuirfear deireadh le rianú uathoibríoch teagmhálaithe a dhéanamh ar theagmhálaithe dlútha in áiseanna cúraim leanaí agus sa bhunoideachas (gan áiseanna oideachais speisialta a áireamh).
  • Cuirfear deireadh le tástáil a dhéanamh ar theagmhálaithe aisiomptómacha dlútha in áiseanna cúraim leanaí agus sa bhunoideachas (gan áiseanna oideachais speisialta a áireamh).
  • Ní bheidh ar leanaí atá 12 bhliain d’aois nó níos óige, a sainaithnítear gur teagmhálaithe dlútha iad i gcúram leanaí, suíomhanna oideachais, suíomhanna oideachais speisialta nó i suíomhanna eile neamhtheaghlaigh agus nach bhfuil aon chomharthaí orthu srian a chur ar a ngluaiseachtaí a thuilleadh, mura dtugann foireann áitiúil sláinte poiblí le fios dóibh amhlaidh a dhéanamh.
  • Beidh ar leanaí atá 12 bhliain d’aois nó níos óige, a sainaithnítear gur teagmhálaithe dlútha iad i suíomhanna teaghlaigh srian a chur ar a ngluaiseachtaí go fóill, is cuma mura mbíonn aon chomharthaí orthu.
  • Is é an chomhairle sláinte poiblí a mholtar ná gur cheart d’aon leanbh 12 bhliain d’aois nó níos óige a bhfuil comharthaí orthu atá comhsheasmhach le comharthaí COVID-19 féinaonrú a dhéanamh láithreach bonn agus gan freastal ar scoil ná gan sóisialú a dhéanamh go dtí an tráth sin nach raibh comharthaí orthu ar feadh 48 uair an chloig.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá ár seacht ndícheall déanta againn i rith na paindéime lenár bpobail scoile a chosaint ón mbaol tromchúiseach a chruthaíonn COVID-19. Tugann na sonraí is déanaí le fios gur timpeallacht ísealbhaoil iad scoileanna go fóill i dtaobh COVID-19 a tharchur. Táim sásta, dá bharr, a bheith in ann na nuashonruithe tábhachtacha seo ar rianú teagmhálaithe inár dtimpeallachtaí scoile a fhógairt inniu.

“Má bhíonn aon bhuarthaí ort nó má thugann tú comharthaí faoi deara i measc do dhaoine muinteartha, is é an chomhairle sláinte poiblí a thugtar ná féinaonrú a dhéanamh agus tástáil a shocrú a luaithe agus is féidir. Níor cheart duit freastal ar scoil, ná ár an obair ná sóisialú a dhéanamh.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat