English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le ceadú an vacsaín COVID-19 AstraZeneca i gclár vacsaínithe na hÉireann.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Feabhra 2021

Mhol an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC), de réir na bhformheasanna a dheonaigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), gur féidir gach vacsaín COVID-19 atá údaraithe faoi láthair a úsáid i ndaoine fásta de gach aois, lena n-áirítear iad siúd atá 70 bliain d’aois agus níos sine.

Mhol NIAC freisin gur cheart vacsaíní mRNA (Pfizer BioNTech agus Moderna atá formheasta in Éirinn) a úsáid do dhaoine os cionn 70 nuair is indéanta agus tráthúil.

Rinne an Príomhoifigeach Leighis athbhreithniú ar mholtaí NIAC agus chuir sé comhairle ar an Aire Sláinte a ghlac leis na moltaí a cuireadh ar fáil.

Cuireadh an Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le Vacsaíniú COVID-19 agus FSS ar an eolas faoi na cinntí agus tá siad ag obair trí na himpleachtaí oibríochta. D'iarr an tAire Sláinte ar FSS agus ar an Tascfhórsa comhairle a thabhairt dó faoi na himpleachtaí láithreacha don chlár vacsaínithe.

Tá cinntí comhchosúla déanta ag roinnt tíortha AE eile maidir le vacsaíní mRNA a sholáthar do dhaoine níos sine.

D'aithin an chomhairle shaineolach don Aire nach bhfuil ach sonraí teoranta ann faoi láthair maidir le vacsaín AstraZeneca i ndáil le haoisghrúpaí níos sine. Is grúpa príomhthosaíochta cosanta iad siúd atá os cionn 70 bliain d’aois mar gheall go bhfuil riosca níos mó go n-éireoidh siad an-tinn, go mbeidh orthu seal a chaitheamh san ospidéal agus go bhfaighidh siad bás ó COVID-19.

Tosóidh soláthairtí AstraZeneca ag teacht go hÉirinn ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh agus leanfar le seachadtaí Pfizer agus Moderna mar a bhí sceidealta.

Dúirt an tAire Stephen Donnelly:

“Is éacht iontach ó thaobh na heolaíochta de go bhfuil trí vacsaín sábháilte agus éifeachtach a bhforbairt, á dtástáil go docht, á bhfaomhadh agus á ndáileadh taobh istigh de bhliain ó aithníodh SARS-COV-2 den chéad uair. Cuirfidh an tríú vacsaín COVID-19 ó AstraZeneca go mór le cur chun feidhme ár gclár vacsaínithe agus, in éineacht le vacsaíní Pfizer agus Moderna, beidh ról an-tábhachtach aige chun ár ndaonra a chosaint ar COVID-19 agus cabhrú linn an ceann is fearr a fháil an na dúshláin atá againn le breis agus bliain. Tosóidh rolladh amach na vacsaíní pobail do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois mar a bhí beartaithe an mhí seo ag tosú leo siúd atá 85 bliana d’aois agus níos sine.”

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan:

“Is é príomhchuspóir na straitéise vacsaínithe galracht agus básmhaireacht a chosc. Tugann sonraí idirnáisiúnta agus náisiúnta le fios go bhfuil riosca níos mó ann go gcaithfí daoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine a chur san ospidéal nó go bhfaighidh siad bás. Mar gheall ar éifeachtúlacht léirithe vacsaíní mRNA i measc daoine aosta agus mar aitheantas ar a leochaileacht i dtéarmaí a riosca méadaithe báis agus galair thromchúisí má tholgann siad COVID-19, moltar vacsaíní mRNA a thabhairt dóibh siúd go léir atá os cionn 70 bliain d'aois d’fhonn an leibhéal is airde cosanta a sholáthar don daonra sin."

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Vacsaín COVID-19 AstraZeneca

  • An 29 Eanáir dheonaigh an Coimisiún Eorpach údarú margaíochta coinníollach do Vacsaín COVID-19 AstraZeneca le húsáid i ndaoine ó 18 mbliana d’aois, bunaithe ar mholadh ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)
  • Vacsaín veicteora víreasach í Vacsaín COVID-19 AstraZeneca. Tá sí comhdhéanta de víreas eile (ón bhfine adanaivíris) a athraíodh chun an ghéin a choinneáil chun próitéin a dhéanamh as SARS-CoV-2COVID-19. Níl an víreas féin i Vacsaín AstraZeneca agus ní chruthaíonn sé COVID-19.
  • Léirigh torthaí comhcheangailte ó 4 thriail chliniciúil sa Ríocht Aontaithe, sa Bhrasaíl agus san Afraic Theas go raibh Vacsaín COVID-19 AstraZeneca sábháilte agus éifeachtach maidir le COVID-19 a chosc i ndaoine ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh.
  • Bhí timpeall 24,000 duine i gceist leis na staidéir seo ar fad. Fuair a leath acu an vacsaín agus tugadh instealladh rialaithe don leath eile, instealladh bréige nó vacsaín neamh-COVID eile. Ní raibh a fhios ag daoine ar tugadh an vacsaín tástála nó an t-instealladh rialaithe dóibh.
  • Bhunaigh an Ghníomhaireacht a ríomh ar cé chomh maith agus a d’oibrigh an vacsaín ar thorthaí staidéar COV002 (a rinneadh sa RA) agus staidéar COV003 (a rinneadh sa Bhrasaíl).
  • Léirigh siad seo laghdú 59.5% ar líon na gcásanna siomptómacha COVID-19 i ndaoine ar tugadh an vacsaín dóibh (fuair 64 as 5,258 COVID-19 le siomptóim) i gcomparáid le daoine ar tugadh instealltaí rialaithe dóibh (fuair 154 as 5,210 COVID-19 le siomptóim). Ciallaíonn sé seo gur léirigh an vacsaín éifeachtúlacht 60% sna trialacha cliniciúla.
  • Bhí formhór na rannpháirtithe sna staidéir seo idir 18 agus 55 bliana d’aois. Ní raibh go leor torthaí maidir le rannpháirtithe níos sine (os cionn 55 bliana d’aois) chun figiúr a sholáthar maidir le cé chomh maith agus a oibreoidh an vacsaín sa ghrúpa seo. Táthar ag súil le cosaint, áfach, ós rud é go bhfeictear freagairt imdhíonachta san aoisghrúpa seo agus bunaithe ar thaithí le vacsaíní eile; toisc go bhfuil faisnéis iontaofa ann faoi shábháilteacht sa daonra seo, mheas saineolaithe eolaíochta EMA gur féidir an vacsaín a úsáid i measc daoine fásta níos sine. Tá súil le tuilleadh faisnéise ó staidéir leanúnacha, ina mbeidh cion níos airde de rannpháirtithe aosta.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh

Molann comhairle ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC), de réir an údaraithe margaíochta coinníollaigh a dheonaigh EMA:

  • gur féidir gach vacsaín COVID-19 atá údaraithe faoi láthair a úsáid i ndaoine fásta de gach aois, lena n-áirítear iad siúd atá 70 bliain d’aois agus níos sine.
  • Dúirt NIAC, i bhfianaise na rátaí arda tarchuir pobail, gurb é an vacsaín is fearr is féidir a thabhairt don daonra aosta an ceann is luaithe is féidir a riar.
  • Nuair is indéanta agus tráthúil, ba cheart vacsaíní mRNA a thabhairt dóibh siúd atá 70 bliain d’aois agus níos sine, toisc go bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán tuairiscithe níos airde ag na vacsaíní seo a fhágann gur fearr iad a úsáid sna daoine sin atá i mbaol drochthorthaí.

Comhairle CMO don Aire

  • Is é príomhchuspóir na straitéise vacsaínithe galracht agus básmhaireacht a chosc. Tugann sonraí idirnáisiúnta agus náisiúnta le fios go bhfuil riosca níos mó ann go gcaithfí daoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine a chur san ospidéal nó go bhfaighidh siad bás.
  • Mar gheall ar ard-éifeachtúlacht léirithe vacsaíní mRNA, lena n-áirítear i measc daoine aosta (cé go bhfuil na sonraí teoranta) agus mar aitheantas ar a leochaileacht i dtéarmaí a riosca méadaithe báis agus galair thromchúisí má tholgann siad SARS-CoV- 2, moltar vacsaíní mRNA a thabhairt dóibh siúd go léir atá os cionn 70 bliain d'aois d’fhonn an leibhéal is airde cosanta a sholáthar don daonra sin."
  • Déanfar an chomhairle beartais a bhaineann le vacsaíniú daoine níos sine ná 70 bliain le vacsaíní mRNA a nuashonrú de réir mar is gá, bunaithe ar aon chomhairle bhreise ó NIAC.

Cad is vacsaín mRNA ann?

Is cineál nua vacsaín iad vacsaíní mRNA atá mar chosaint ar ghalair thógálacha. Tá lucht taighde ag déanamh staidéar orthu agus ag obair leo ar feadh na mblianta áfach.

  • Chomh luath agus a dhéantar vacsaín mRNA a instealladh sna matáinchealla, tugtar treoracha dóibh maidir le conas próitéin neamhdhíobhálach a dhéanamh ar a dtugtar spícephróitéin atá uathúil don víreas COVID.
  • Ina dhiaidh sin, nochtar cealla na spícephróitéine ar a dhromchla.
  • Aithníonn an cholainn nár cheart go mbeadh an spícephróitéin ann agus tógann sé cealla bána cosanta a bhfuil cuimhne acu ar conas an víreas a throid má thagann sé chun cinn sa todhchaí.
  • Tar éis an spícephróitéin a dhéanamh, briseann na cealla síos na treoracha mRNA ionas nach bhfanfaidh siad sa cholainn.
  • Faoi láthair tá dhá vacsaín mRNA faofa le húsáid in Éirinn - Pfizer/BioNTech agus Moderna.