Ráiteas: Tugann an tAire Sláinte an cinneadh ó Choiste Feidhmiúcháin Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann dá aire
- Foilsithe: 8 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 25 Meitheamh 2019
Tugann Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an cinneadh ó choiste feidhmiúcháin Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann dá aire. Ní chreideann an tAire go bhfuil aon údar le gníomhaíocht thionsclaíoch agus gur féidir í a sheachaint.
Creideann an tAire go bhfuil gá soiléir ann le rannpháirtíocht agus go bhfuil sé ríthábhachtach go dtapódh na páirtithe uile an deis chun teacht ar réiteach ar an díospóid. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh bainisteoirí na hearnála sláinte cuireadh don Chumann Altraí agus Ban Cabhrach chun bualadh leo an tseachtain seo chugainn.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Thug an Rialtas Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí chun críche le ceardchumainn earnála poiblí sa bhliain 2017, rud lena méadaítear go suntasach an pá a íoctar le seirbhísigh phoiblí, altraí san áireamh.
- Ar aon dul leis an gComhaontú sin, chuir an Coimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí athbhreithniú ar ghráid thábhachtacha sa tseirbhís sláinte, altraí ina measc, i gcrích i mí Mheán Fómhair 2018.
- Is é an toradh a bheadh ar na moltaí ón gCoimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí ná go méadófaí faoi 20% na Liúntais Cháilíochta Speisialtóra agus Láithreach a íoctar le haltraí agus go leathnófaí na liúntais chuig altraí a oibríonn i seirbhísí máithreachais.
- Ina theannta sin, mhol an Coimisiún go leathnófaí na ceanglais incháilitheachta d’Altraí/Mná Cabhrach Foirne Sinsir ó 20 bliain go 17 mbliana.
- Dhiúltaigh an Cumann Altraí agus Ban Cabhrach agus an Cumann Altraí Síciatracha do na moltaí sin, ar fiú thart ar €20m iad.
- Rinne an Rialtas tograí freisin chun aghaidh a thabhairt ar phá iontrálaithe nua, rud a d’fhágfadh go bhfaigheadh thart ar 10,000 altra tuairim is €3,000 sa bhreis.
- Tá sé soiléir go gcuirfeadh na bearta sin feabhas ar an bpacáiste pá foriomlán a fhaigheann formhór na n-altraí agus na mban cabhrach. Is fianaise iad go bhfuil feabhsuithe suntasacha d’altraí ag teacht as Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí agus as na próisis idirbheartaíochta ghaolmhara.
- Shínigh an Cumann Altraí agus Ban Cabhrach agus an Cumann Altraí Síciatracha araon an Comhaontú Cobhsaíochta, ar faoina bhun a chuirtear toirmeasc ar ghníomhaíocht thionsclaíoch