English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Reachtaíocht Shuntasach um Atáirgeadh Daonna Cuidithe le dul trí Chéim an Choiste i nDáil Éireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go rachaidh an Bille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe), 2022 trí Chéim an Choiste inniu. Tabharfaidh an reachtaíocht aghaidh anois ar shocruithe cúlghabhálacha maidir le máthairionadaíocht trí raon gnéithe nua a chur isteach. Rinneadh foráil sa Bhille, mar atá tosaithe, do mháthairionadaíocht altrúíoch intíre ach ní raibh forálacha ann chun socruithe máthairionadaíochta a rinneadh i ndlínsí eile a rialáil.

Cuimseofar sa reachtaíocht chasta agus fhorleathan seo den chéad uair rialachán ar raon leathan cleachtas a dhéantar sa dlínse seo, lena n-áirítear: deonú gaiméití agus suthanna don atáirgeadh daonna cuidithe (AHR) agus taighde; máthairionadaíocht altrúíoch intíre; tástáil ghéiniteach réamh-ionchlannaithe suthanna; atáirgeadh daonna iarbháis; agus taighde suthanna agus gascheall.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is lá cinniúnach é an lá inniu agus an Bille AHR le dul trí Chéim an Choiste sa Dáil.

“Tá an Bille seo dírithe ar réimse leathan cleachtas a bhaineann le atáirgeadh daonna cuidithe (AHR) a rialáil den chéad uair sa tír seo.

“Tá neart fós le déanamh againn sula n-achtófar an Bille casta seo, ach is cloch mhíle thábhachtach é inniu maidir le torthaí a sholáthar do pháistí agus dá dtuismitheoirí atá i mbun feachtais ar son na reachtaíochta seo.

“Táim ag súil go dtógfaidh sé roinnt cruinnithe den Roghchoiste Sláinte chun machnamh a dhéanamh i bhfianaise mhéid agus chastacht an Bhille nua-leathnaithe seo, a chuireann socruithe idirnáisiúnta maidir le máthairionadaíocht san áireamh anois.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don dul chun cinn eisceachtúil atá déanta chuig an bpointe seo. Bhí dianobair agus comhoibriú laistigh de mo Roinn i gceist leis an mBille seo, agus trasna roinnt Ranna Rialtais freisin.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo thiomantas a athdhearbhú le cinntiú go mbainfear amach an sprioc chun go mbeidh aitheantas foirmiúil ón Stát tugtha do shocruithe máthairionadaíochta a tharla roimhe seo nó do shocruithe máthairionadaíochta i ndlínsí eile agus go gcuirfear creat láidir rialála i bhfeidhm ar bhonn níos leithne, a luaithe is féidir."


Nótaí

Ritheadh an Bille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe) 2022 tríd an Dara Céim sa Dáil i Márta 2022

De bhun fhaomhadh an Rialtais do thogra ón Aire McEntee, ón Aire O'Gorman agus ón Aire Donnelly, bunaíodh Comhchoiste Speisialta an Oireachtais um Mháthairionadaíocht Idirnáisiúnta i mí Feabhra 2022.

Tar éis fhoilsiú Thuarascáil Deiridh an Choiste i mí Iúil 2022, trí phróiseas rannpháirtíochta struchtúrtha agus comhoibríoch, rinne na trí Roinn ábhartha (An Roinn Sláinte, Dlí agus Cirt, agus Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige) athbhreithniú ar mholtaí na Tuarascála mar aon le nithe ábhartha eile. Tháinig deireadh leis an tionscadal seo nuair a cheadaigh an Chomh-aireacht cur chuige beartais i lár mhí na Nollag 2022 i ndáil le máthairionadaíocht idirnáisiúnta a rialáil agus maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe áirithe máthairionadaíochta a tharla roimhe seo (intíre agus idirnáisiúnta), chomh maith le dréacht-tograí reachtacha a leagan amach.

Tar éis d'Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte próiseas foirmiúil dréachtaithe na bhforálacha nua maidir le máthairionadaíocht a chur i gcrích, i gcomhar leis na trí Roinn ábhartha, chuir an triúr Airí lena mbaineann Meamram Rialtais isteach. An 12 Nollaig 2023, d'fhaomh an Rialtas an Meamram seo agus déanfaidh an Roghchoiste Sláinte atá le tosú Dé Céadaoin (24 Eanáir 2024) na Leasuithe ar Chéim an Choiste (CSAanna) atá beartaithe ar an mBille a bhreithniú anois. Áirítear leis na CSAanna atá beartaithe forálacha nua maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta máthairionadaíochta a rialáil agus aitheantas a thabhairt do shocruithe áirithe máthairionadaíochta roimhe seo. Tabhair do d'aire gur gnáthnós imeachta é do Thithe an Oireachtais na CSAanna beartaithe sin a fhoilsiú.

Is gnó de chuid an Oireachtais é dul chun cinn an Bhille anois, chomh maith le glacadh le leasuithe ón Rialtas nó ó bhaill an fhreasúra nó gan glacadh leo.