English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, Ospís nua Mhaigh Eo a oscailt go hoifigiúil inniu

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá Fondúireacht Ospíse Mhaigh Eo-Ros Comáin ar bun ón mbliain 1993 amach agus, ó shin i leith, chistigh sí seirbhísí cúraim mhaolaithigh do mhuintir Mhaigh Eo agus Ros Comáin i suíomhanna pobail, in ospidéil agus i dtithe altranais i gcomhpháirt le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Is é aidhm na Fondúireachta Ionad Cúraim Mhaolaithigh a fhorbairt sa dá chontae agus, ar an 18 Deireadh Fómhair, baineadh an fhís sin amach i Maigh Eo. Tá pleananna d’Ospís Ros Comáin ag ardchéim dá bhforbairt faoi láthair.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris,

“Tá an-áthas orm bheith anseo inniu chun buíochas a ghabháil le Fondúireacht Ospíse Mhaigh Eo-Ros Comáin, le foireann na Fondúireachta, le hionadaithe áitiúla agus náisiúnta ó FSS agus leis an bpobal áitiúil.

“Tá an pobal ag obair gan stad gan staonadh le níos mó ná fiche bliain anuas chun an t-éacht seo a bhaint amach. Mar Aire Sláinte, is mórchúis áthais dom gur féidir liom tacú libh agus gur éirigh liom cistiú don tsaoráid bhreá seo a áirithiú faoi Bhuiséad 2020.

“Beidh an t-ionad seo mar bhaile eile do chuid mhór daoine – is líne tharrthála a bheidh ann, ina mbeidh daoine in ann gnáthshaol a chaitheamh, a mhéid is féidir é, le linn tréimhse ama an-luachmhar. Dá bhrí sin, is mór an onóir dom an phlaic seo a nochtadh agus a fhógairt go bhfuil Ospís Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, ar oscailt go hoifigiúil anois.”

Dúirt Martina Jennings, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Fhondúireacht Ospíse Mhaigh Eo-Ros Comáin,

“Léiriú ar na daoine speisialta atá againn i Maigh Eo agus i Ros Comáin is ea an ócáid inniu. Bhí géarghá ag Maigh Eo leis an sáraonad othar cónaitheach seo, ina bhfuil 14 sheomra leapa agus saoráidí cúram lae, agus tá lúcháir orainn an chloch mhíle seo a bhaint amach agus foirgneamh €9.2 milliún a sholáthar in am agus laistigh den bhuiséad.

“Táimid thar a bheith buíoch den Aire Harris as Ospís Mhaigh Eo a chur ar áireamh ina bhuiséad don bhliain 2020. Fágann sé sin gur féidir an chéad chéim eile a thosú anois, agus é mar aidhm againn othair a ligean isteach faoi earrach na bliana seo chugainn.

Thíolaic an Fhondúireacht an Ospís dá comhaltaí boird agus do na hoibrithe deonacha agus na tacadóirí uile dá cuid. I mbeagán focal, tá Ospís Mhaigh Eo ina heiseamláir de na sár-rudaí is féidir a bhaint amach nuair a thagann daoine le chéile chun tairbhe don phobal ar fad. Cé go bhfuil beagnach 1000 duine i láthair ag an ócáid seo inniu, chabhraigh cuid mhór daoine eile linn an t-éacht seo a bhaint amach. San aonad seo, tabharfar dínit, grá agus cúram ag deireadh an tsaoil dár n-othair uile agus dá dteaghlach. Is rud é sin a thuilleann gach duine.”

Agus í ag labhairt os comhair an tslua ollmhóir, dúirt Joanne Hynes, Cathaoirleach ar Fhondúireacht Ospíse Mhaigh Eo-Ros Comáin:

“Is mór an onóir dom bheith anseo inniu agus gnóthú na físe seo a fheiceáil. San fhoirgneamh seo, tabharfar solas agus comhbhá do dhaoine sa tréimhse is dorcha dá saol agus beidh sé mar bhaile eile do chuid mhór teaghlach sna blianta atá romhainn.

Agus 14 sheomra leapa sainchúraim mhaolaithigh, rannóg cúram lae agus cóiríocht teaghlaigh ann, críochnaíodh an t-aonad úrscothach seo laistigh de thréimhse 18 mí agus tá sé saor ó iasacht.

CRÍOCH