English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ritheann an tOireachtas Bille lena gcabhrófar le cónaitheoirí incháilithe Thuaisceart Éireann rochtain a fháil ar chúram sláinte san Eoraip

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fháiltigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu roimh rith an Bhille um Shláinte agus Tacaíocht Cúraim Leanaí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019, trí Thithe an Oireachtais.

Foráiltear leis an mBille do shochair shláinte, atá cosúil leo sin atá ar fáil faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, a thabhairt do chónaitheoirí incháilithe Thuaisceart Éireann i gcás Breatimeacht gan mhargadh.

Leis na forálacha den phríomhchuid den Bhille (Cuid 2), beidh cónaitheoirí incháilithe Thuaisceart Éireann i dteideal aisíocaíocht a fháil ó Éirinn i leith an chostais ar aon chúram leighis riachtanach a tabhaíodh le linn dóibh bheith thar lear i mBallstát den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.

Foráiltear le Cuid 3 den Bhille do leasú a dhéanamh ar an Acht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018, chun foráil fhollasach a dhéanamh go bhféadfaidh saoránaigh na Breataine rochtain a fháil ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ar an mbonn céanna le saoránaigh na hÉireann.

Dúirt an tAire Harris:

“Le linn na pleanála teagmhasaí do Bhreatimeacht gan mhargadh, rinne an Rialtas tosaíocht de shochair chúram sláinte a sholáthar do chónaitheoirí incháilithe Thuaisceart Éireann.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine san Oireachtas as a gcuid oibre maidir lena chinntiú go rithfí an reachtaíocht seo roimh an 31 Deireadh Fómhair. Tá sé mar thosaíocht againn ón tús a chinntiú go leanfaidh muintir Thuaisceart Éireann le rochtain a fháil ar chúram sláinte riachtanach le linn dóibh taisteal san Eoraip. Féadfar costais an chúraim sin a éileamh ar ais anois faoi shásra aisíocaíochta faoi dhlí na hÉireann, ar sásra é a rachaidh chun mórthairbhe do chónaitheoirí incháilithe i dTuaisceart Éireann.

Ar aon dul le tiomantas an Rialtais do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do bhallraíocht den Aontas Eorpach, beidh an scéim ar fáil do shaoránaigh na hÉireann, an Aontais Eorpaigh agus na Breataine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann agus a dteastaíonn cúram riachtanach uathu le linn dóibh cuairt a thabhairt ar Bhallstáit den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ar an Eilvéis.

Áirítear leis an mBille freisin leasuithe ar an Acht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018, chun a fhoráil go mbeidh rochtain ag saoránaigh na Breataine ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí atá le teacht agus go bhfaighidh siad an rochtain sin ar an mbonn céanna le saoránaigh na hÉireann, ar aon dul le forálacha an Chomhlimistéir Thaistil i réimsí eile.

CRÍOCH