Roinneann an Roinn Sláinte torthaí taighde faoin Meanapás in Éirinn tar éis an chéad Fheachtas Feasachta Meanapáis in Éirinn faoi stiúir an rialtais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Roinneann an Roinn Sláinte torthaí taighde faoin Meanapás in Éirinn tar éis an chéad Fheachtas Feasachta Meanapáis in Éirinn faoi stiúir an rialtais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Déanann bean amháin as gach beirt a bhfuil an meanapás orthu cur síos air mar eispéireas diúltach

Léiríonn taighde nua ón Roinn Sláinte go gcuireann 55% de mhná a bhfuil an peiri-mheanapás agus an meanapás orthu cur síos air mar eispéireas diúltach, agus gan ach 22% ag cur síos air mar eispéireas dearfach.

Léiríonn sonraí ón taighde:

  • Go ndúirt beagnach duine as gach triúr (31%) de mhná 35+ bliana d’aois go raibh an peiri-mheanapás nó an meanapás orthu faoi láthair
  • Go gcuireann bean amháin as gach beirt (55%) a bhfuil an peiri-mheanapás nó an meanapás orthu cur síos air mar eispéireas diúltach
  • Bíonn suas le seacht siomptóim ar an ngnáthbhean le linn an mheanapáis ag aon am ar leith
  • Deireann bean amháin as gach triúr a bhfuil an meanapás orthu go bhfuil siomptóim sheasta orthu
  • Ní deireann ach bean amháin as gach cúigear (23%) a bhfuil an meanapás orthu go mbeidis sásta labhairt faoi lena mbainisteoir ag an obair
  • Aontaíonn formhór na ndaoine (93%) gur féidir tionchar mór a bheith ag an meanapás ar shaol laethúil mná

Thuairiscigh mná gurb iad na siomptóim meanapáis ba dhéine ná athruithe teochta (76%), athruithe míostraithe (73%), tuirse (72%), fadhbanna codlata (68%), athruithe i gcumraíocht coirp (58%), fadhbanna cognaíocha (56%), athruithe giúmair (54%) agus pian sna hailt (53%). Chomh maith leis sin, léirigh an taighde má bhíonn siomptóim ar bhean go rialta, tá gach seans ann go ndéarfaidh sí go bhfuil tionchar mór aige ar chaigdeán a beatha.

Is iad na príomhphíosaí comhairle a thabharfadh mná do mhná eile maidir leis an meanapás ná:

  • labhair le do dhochtúir theaghlaigh
  • faigh eolas / comhairle
  • faigh oiread cabhrach agus is féidir leat
  • fan dearfach agus bí chineálta leat féin.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, feachtas náisiúnta chun tacú le gach duine labhairt faoin meanapás, chun mná a chumhachtú chun labhairt faoin n-eispéireas lena páirtí, a muintir, a cairde agus a comhghleacaithe agus ag cur ar ár gcumas go léir tacú leo siúd a bhfuil an meanapás orthu.

Nótaí

Rinne B&A an suirbhé ar 1,290 duine fásta thar ceann na Roinne Sláinte i mí na Samhna 2022.

Tuilleadh eolais anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat