Síníonn an tAire Sláinte rialacháin lena ndéantar Galar Infhógartha de Covid-19
- Foilsithe: 20 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 21 Feabhra 2020
Inniu (Déardaoin an 20 Feabhra 2020), shínigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na ‘Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 2020’ lena gcuirtear Covid-19 leis an liosta galar infhógartha atá ann cheana.
Fágann sé sin go mbeidh oibleagáid ar dhochtúirí fógra a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tar éis cás Covid-19 a dhiagnóisiú.
Dúirt Simon Harris TD, an tAire Sláinte:
“Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith Covid-19 (Coróinvíreas) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin. Agus Covid-19 á chur leis an liosta galar infhógartha, táimid ag cloí leis an ngnáthchleachtas a shaothraítear nuair atáthar ag déileáil le galar aicídeach nua. Rinneadh an rud céanna nuair a bhíothas ag déileáil le heipidéim an ghéarshiondróim throm riospráide (SARS) sa bhliain 2002.”
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Míochaine:
“Is gan athrú go fóill atá freagairt sláinte poiblí na hÉireann do Covid-19. Táimid fós i gcéim an tsrianta. Moltar d’aon duine a d’fhill ar ais ón tSín le 14 lá anuas agus ar a bhfuil siomptóim atá bainteach le Covid-19 (Coróinvíreas) é nó í féin a leithlisiú agus teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís sláinte thar an teileafón nó le ríomhphost.”
CRÍOCH
Is trí theagmháil agus braonáin a leatar Covid-19 (Coróinvíreas). Mar sin, is é an bealach is fearr chun dea-shláinte a chothabháil ná cloí le dea-shláinteachas nuair atáthar ag déanamh casachta nó sraotha agus lámha a ní go rialta.
Moltar do dhaoine den phobal iad féin a chur ar an eolas faoi na bearta um chosc a n-eisíonn FSS iad agus súil a choinneáil ar an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun an t-eolas is deireanaí a fháil gach lá