English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Foirm Aimsithe Paisinéara Fheabhsaithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ón lá inniu, déanfar an Fhoirm Aimsithe Paisinéara a uasghrádú go gcuirfidh sé leis na bearta taistil a tugadh isteach ón 19 Iúil. Tacóidh an Fhoirm Aimsithe Paisinéara fheabhsaithe, ach go háirithe, le Deimhniú COVID Digiteach an AE a chur i bhfeidhm.

Ceadaíonn srianta ar thaisteal neamh-bhunriachtanach do phaisinéirí áirithe taisteal gan a bheith orthu coraintín a dhéanamh nó tástálacha breise a sholáthar bunaithe ar a stádas vacsaínithe, bisigh nó tástála um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR). Bailítear an t-eolas seo ar an bhFoirm Aimsithe Paisinéara agus cabhraíonn sé lena chinntiú go mbíonn tuiscint níos soiléire ag paisinéirí ar an gcáipéisíocht a ghlactar lena sheachaint srianta sláinte poiblí a bheith ort ar do theacht go hÉirinn.

I measc na n-athruithe a tháinig ar an bhFoirm Aimsithe Paisinéara, tá an méid seo a leanas:

  • Forbraíodh leagan amach amhairc nua don fhoirm ar líne leis an eispéireas úsáideora a chuíchóiriú.
  • Seoltar paschód aonuaire chuig an uimhir ghutháin a thugtar ag tús an phróisis trí theachtaireacht téacs (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) leis an uimhir a dheimhniú. Caithfidh an paisinéir an cód seo a iontráil chun leanúint ar aghaidh leis an bhfoirm a líonadh.
  • Dearbhú i leith na cáipéisíochta / an chruthúnais i leith teagmhas leighis (vacsaíniú, biseach nó toradh tástála RT-PCR) atá ag an bpaisinéir.
  • Is féidir le catagóirí paisinéirí atá díolmhaithe ó thástáil a dhéanamh nó srianta coraintín a ndíolúine a dhearbhú
  • Réimsí nua le sonraí (ainm, aois, cruthúnas i leith teagmhas leighis) gach linbh (faoi 18 mbliana d’aois) a bhailiú atá le liostú ar fhoirm an duine fhásta atá freagrach astu agus a dhéanann iad a thionlacan.

Mar gheall ar an méadú a tháinig ar na líonta daoine atá ag taisteal go hÉirinn, tacóidh na feabhsúcháin seo ar an bhFoirm Aimsithe Paisinéara le paisinéirí a bhainistiú a sholáthraíonn an cháipéisíocht sláinte a theastaíonn ar mhaithe le cuspóirí taistil – an Deimhniú COVID Digiteach nó cruthúnas eile malartach i leith vacsaíniú nó torthaí tástála agus, go héifeachtach, cuirfidh siad le sprioctheachtaireachtaí sláinte poiblí a tabhairt do phaisinéirí atá ag taisteal isteach lena chinntiú go bhfuil an filleadh ar thaisteal neamh-bhunriachtanach sábháilte do chách.


Nótaí

  • Caithfear an Fhoirm Aimsithe Paisinéara a líonadh ar líne 72 uair an chloig sula bhfágfar an tír.
  • Beidh an córas uasghrádaithe ag feidhmiú go beo ón lá inniu ach beidh taistealaithe a líon an seanleagan chun taisteal a dhéanamh a fhad leis an 8 Lúnasa ábalta a bhfoirm reatha a úsáid.
  • Is cion é taisteal chuig an Stát gan foirm líonta a bheith agat.
  • Tá dualgas ar iompróirí cead a dhiúltú do phaisinéirí bordáil nár líon a bhfoirm ar líne, murach go mbíonn díolúine acu.
  • I ndiaidh an fhoirm ar líne a líonadh, eiseofar fáltas ar ríomhphost do phaisinéir a bheidh le taispeáint nuair a bhíonn bordáil á déanamh agus nuair a thagtar isteach sa tír nuair a iarrann oifigigh theorann é a sholáthar.
  • Úsáidtear Foirm Aimsithe Paisinéara COVID-19 chun tacú le rianú teagmhálaithe agus le córas rannpháirtíochta sláinte poiblí le paisinéirí i ndiaidh dóibh teacht isteach sa tír.