English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Butler Áiseanna ar Bhia Sláintiúil go náisiúnta do dhaoine fásta ós cionn 65 bliain d'aois

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Meitheamh 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Seolann an tAire Stáit do Mheabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, Áiseanna ar Bhia Sláintiúil do sheandaoine.

Is é an Roinn Sláinte le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus Safefood a d'fhorbair na háiseanna seo. Baineann an pacáiste seo le daoine fásta atá os cionn 65 bliain d'aois, le sláinte choirp maith, atá in ann siúl agus atá ina gcónaí sa bhaile. Dearadh iad le cúnamh a thabhairt do sheandaoine roghanna níos sláintiúla i dtaobh an bhia a dhéanamh, chun saol sláintiúil a bheith acu. Tá riachtanais chothaithe éagsúla ag seandaoine agus tá sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas acu ar conas a gcuid n-iontógáil chothaitheach a athrú ionas go mbeadh an caighdeán saoil is airde acu agus is féidir. Tá an phirimid bia sláintiúil mar bhunús d’aiste bia shláintiúil, ach de réir mar a théann muid in aois, caithfimid a bheith solúbtha maidir le grúpaí áirithe bia a ithe chun tacú leis na riachtanais pearsanta atá againn.

Agus í ag labhairt ar sheoladh Áiseanna ar Bhia Sláintiúil, dúirt an tAire Butler:

"Tá an Rialtas tiomanta Éire atá báúil do dhaoine atá ag dul in aois a chruthú, ag tacú le daoine atá níos sine maireachtáil go neamhspleách ina bpobail agus a mbaile chomh fada agus is féidir. I 2023, rinneamar infheistíocht de €2.4 billiún i seirbhísí do seandaoine ionas go mbeadh tacaíocht ann dóibh maireachtáil go neamhspleách. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaidh daoine tosaíocht dá n-aiste bia agus go ndéanfaidh siad cinntí comhfhiosacha chun tacú lena bhfolláine iomlán agus iad ag dul isteach sa chéim seo dá saol. Trí aiste bia cothaitheach a ithe, is féidir linn go léir aosú sláintiúil, gníomhach agus neamhspleách a bhaint amach ar feadh an tsaoil. Is sprioc é seo ón Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach agus léirítear é sa chreat Éire Shláintiúil chun líon na ndaoine atá sláintiúil ag gach céim den saol a mhéadú. Tá na treoirlínte seo maidir le bia sláintiúil mar chuid d’infheistíocht inár bhfolláine fhadtéarmach agus cabhróidh siad freisin leis an FSS agus leis an rialtas áitiúil tacú le seadaoine maireachtáil ina dtithe agus ina bpobail féin chomh fada agus is féidir.”

Dúirt An tOllamh Breda Smith, Príomhoifigeach Leighis, a bhí in éineacht leis an Aire Butler:

"Is maith an rud é go bhfuil áiseanna faoi leith do sheandaoine in Éirinn ar fáil mar ceaptar go seasfaidh siad do 20% den daonra faoi 2041. Cuirfidh infheistíocht i roghanna simplí stíl mhaireachtála ar ár gcumas maireachtáil go maith agus muid ag dul in aois agus laghdófar an riosca atá againn maidir le fadhbanna sláinte eile a fhorbairt. Téann na hacmhainní seo go maith leis an sraith acmhainní atá ar fáil cheana féin do leanaí níos óige agus don daonra i gcoitinne agus tá siad bunaithe ar an taighde náisiúnta is déanaí.

I measc cuid de na príomhchothaithigh a leagtar béim orthu sna hacmhainní chun tacú le haosú sláintiúil tá moladh ann bianna próitéin ardchaighdeáin a ithe dhá uair sa lá, lena n-áirítear raon torthaí agus glasraí agus forlíonadh laethúil Vitimín D de 15µg (600iu) a thógáil.

Tá na háiseanna seo ar fáil ar gov.ie/HealthyEatingOver65.


Nótaí

Tá na hAcmhainní Itheacháin Shláintiúla athbhreithnithe bunaithe ar Mholtaí Eolaíocha ó Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann maidir le Treoirlínte Cothaithe Bia-Bhunaithe do Dhaoine Fásta Scothaosta in Éirinn 2021. Baineann na háiseanna seo le daoine fásta níos sine atá sláintiúil agus atá ina gcónaí go neamhspleách sa bhaile. Tá sainchomhairle chúram sláinte ag teastáil ó dhaoine fásta breacaosta a bhfuil riachtanais chothaithe ar leith nó fadhbanna cothaithe acu agus ba chóir go mbeadh teagmháil acu lena ngairmí cúram sláinte.

Naoi bpríomhtheachtaireachtaí ag teacht ó na treoirlínte:

1. Ba cheart do dhaoine fásta breacaosta atá murtallach agus a bhfuil fadhbanna sláinte a bhaineann le meáchain acu idirghabháil aonair a fháil lena chinntiú gur cheart an meáchan a laghdú agus go n-íoslaghdaítear cailliúint fíocháin matán (meáchain caillteanas mall le gníomhaíocht fhisiciúil). Moltar do dhaoine fásta atá róthrom ar riosca níos ísle aistí meáchain caillteanas a sheachaint chun caillteanas matáin a sheachaint.

2. Tá méid sásúil deochanna ag teastáil ó dhaoine fásta ar riosa díhiodráitiú 'iontógáil íseal'. Tá 1.6 lítear ag teastáil ó mhná agus 2 lítear ag teastáil ó fhir in aghaidh an lae (ach amháin má tá fadhb sláinte eile acu a éilíonn srian sreabhach).

3. Níor chóir tae láidir a ól ach amháin idir béilí agus ní le linn béilí, toisc go gcuireann sé isteach ar ionsú iarainn agus since.

4. Laghdaíonn an cumas atá againn bia a bhlaiseadh agus muid ag dul in aois agus seans go méadófar an méid salainn atá á ithe againn dá dheasca; mar sin ba cheart bia goirt a sheachaint agus is féidir roghanna eile mar luibheanna agus spíosraí a úsáid chun blas a mhéadú.

5. Ní mór do dhaoine fásta sláintiúla atá níos sine bia le go leor próitéine a ithe amhail feoil, éanlaith chlóis, iasc, déiríochta agus uibheacha chun matáin próitéine a spreagadh.

6. Iontógáil calraí sásúil chun laige, caillteanas matáin (sarcopenia) agus tearc-chothú a sheachaint.

7. Ba chóir go mbeadh carbaihiodráití ard-snáithíneacha in aistí bia, ach íseal i saorshiúcraí. Tá an meán-iontógáil carbaihiodráití ag foirceann íochtair an raoin tomhaltais mholta agus sáraíonn trian de dhaoine scothaosta an iontógáil saor siúcra a mholtar.

8. Moltar anois do gach duine fásta atá níos sine in Éirinn 15 µg forlíonadh Vitimín D a thógáil. Cuireann an acmhainn seo sonraí sonracha ar an raon iontógála aiste bia atá molta do Vitimín D i ndaoine fásta ar fáil, a athraíonn de réir an chumais atá againn cuid den vitimín seo a fháil ó sholas na gréine.

9. Is foinse maith vitimíní B (B12, folate, B6 agus ribeaflaivin) agus vitimín D iad bianna treisithe; cé gur foinsí bia iontaofa laethúil de vitimín C iad sú oráiste neamh-mhilsithe, sailéid, torthaí agus glasraí.

San áireamh sa phacáiste áiseanna ar Bhia Sláintiúil tá:

  • Leabhrán faoi Bhia Sláintiúil
  • Leabhrán faoi Chleachtadh Coirp
  • Póstaeir ar Phirimid an Bhia - ceann casta agus ceann simplí
  • Leathnaigh le firicí A4 - ceann amháin ar gach seilf de Phirimid an Bhia
  • Pleananna béile A4 - ceithre shampla

Breis eolais ar fáil ar gov.ie/HealthyEatingOver65.