Seolann an tAire Byrne ‘Fine Gall atá Saor ó Thobac’: Foireann Uirlisí le haghaidh Pobal atá Saor ó Thobac

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Byrne ‘Fine Gall atá Saor ó Thobac’: Foireann Uirlisí le haghaidh Pobal atá Saor ó Thobac

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, ‘Fine Gall atá Saor ó Thobac’ a sheoladh inniu. Is foireann uirlisí í a chabhróidh le pobail i gceantar Fhine Gall beartas um shaoráidí atá saor ó thobac a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun.

Ba é Empower, atá ina chuideachta forbartha áitiúla i bhFine Gall, a d’fhorbair an fhoireann uirlisí le tacaíocht ó Aonad Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) um Shláinte a Chur Chun Cinn agus a Fheabhsú agus ó Chumann Ailse na hÉireann.

Cuirfear an tionscadal i bhfeidhm ar dtús in ionaid phobail i mBaile Brigín, i mBaile an Bhlácaigh, ar an gCorr Dhubh, i nDomhnach Bat, i bPort Reachrann agus i Sord. Ghlac gach ceann díobh páirt sa phróiseas forbartha.

Cuirfidh an fhoireann uirlisí seo le rath an chláir scortha ó thobac “We Can Quit” atá á reáchtáil ag Cumann Ailse na hÉireann in ionaid ar fud Fhine Gall. Chomh maith leis sin, tugann sí d’eagraíochtaí an treoir a theastaíonn chun spásanna atá saor ó thobac a fhorbairt agus a choinneáil ar bun trí theagmháil le geallsealbhóirí ina bpobal.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Byrne:

“Tá ríméad orm an tionscnamh iontach seo a sheoladh ar an Lá Náisiúnta gan Tobac. Is é an toradh a bheidh ar fhorbairt na foirne uirlise seo d’Fhine Gall atá saor ó Thobac agus ar a cur i bhfeidhm in ionaid phobail ar fud Fhine Gall ná go rannchuideofar go mór le caitheamh tobac a dhínormalú inár bpobail, de réir mar a oibrímid ar son Éire atá Saor ó Thobac a bhaint amach faoin mbliain 2025.

“Molaim Empower, Aonad FSS um Shláinte a Chur Chun Cinn agus a Fheabhsú, Cumann Ailse na hÉireann agus na hionaid phobail lena mbaineann as an obair a rinne siad ar an bhfoireann uirlisí, rud a d’fhéadfadh a bheith ina theimpléad le haghaidh pobail atá saor ó thobac a fhorbairt fud fad na tíre.”

CRÍOCH

Tá an Fhoireann QUIT de chuid FSS ar fáil chun cabhrú leat scor den tobac:

Cláraigh le QUITPLAN ar líne ag www.quit.ie

Cuir glao orainn: 1800 201 203

Seol ríomhphost chugainn: support@quit.ie

Seol teachtaireacht téacs chugainn: Saorthéacsáil ‘QUIT’ chuig 50100

Seol tvuít chugainn: @HSEQuitTeam

Seol teachtaireacht Facebook chugainn: facebook.com/HSEQuit

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat