Seolann an tAire Sláinte Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 ar líne
- Foilsithe: 22 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu go mbogfaidh an Fhoirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 reatha chuig próiseas ar líne an tseachtain seo chugainn.
Shínigh an tAire Sláinte rialacháin atá mar bhonn agus taca leis an aistriú chuig foirm ar líne inniu agus tiocfaidh siad i bhfeidhm Dé Céadaoin an 26 Lúnasa.
Leanann an Rialtas ag cur comhairle ar shaoránaigh agus ar chónaitheoirí na hÉireann i gcoinne taistil idirnáisiúnta nach bhfuil riachtanach. Iarrtar ar phaisinéirí a thagann go hÉirinn ó thar lear srian a chur ar a ngluaiseachtaí ar feadh 14 lá mura dtagann siad ó cheann de na tíortha le comhairleoir taistil “gnáthbeartais chosanta” ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (liosta glas).
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is í an chomhairle sláinte poiblí fós gur cheart gach taisteal neamhriachtanach thar lear a sheachaint, ach tuigimid go gcaithfidh daoine áirithe taisteal ar chúiseanna riachtanacha pearsanta agus teaghlaigh.
“Tá sé mar aidhm ag athrú an lae inniu an taisteal seo a éascú agus comhlánú Fhoirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a dhéanamh níos éasca dóibh siúd ar gá dóibh taisteal. Níos tábhachtaí, tá córas feabhsaithe rannpháirtíochta le paisinéirí á rolladh amach againn, lena n-áireofar comhairle sláinte poiblí spriocdhírithe a eisiúint trí theachtaireacht téacs.
“Cuidíonn comhlánú na foirme seo lenár n-oifigigh sláinte poiblí seiceálacha leantacha a dhéanamh orthu siúd a thagann isteach sa Stát. Éascaíonn sé freisin iarrachtaí rianaithe teagmhálaithe i gcás cás amhrasta nó deimhnithe de COVID-19 ar eitilt nó ar long a tháinig i dtír in Éirinn.
“Molann an Rialtas fós do phaisinéirí a thagann isteach go hÉirinn ó thíortha nach ón Liosta Glas iad a gcuid gluaiseachtaí a shrianadh ar feadh 14 lá. Déantar é seo chun srian a chur ar iomportáil féideartha COVID-19 agus ar tharchur an ghalair chuig a dteaghlaigh, a bpobail agus a n-ionaid oibre. "
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Beidh paisinéirí a thiocfaidh go hÉirinn Dé Céadaoin 26 Lúnasa nó dá éis in ann Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a chomhlánú ar líne. Is riachtanas dlíthiúil é do phaisinéirí a thagann go hÉirinn ó thar lear Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a chomhlánú.
Is féidir le paisinéirí a thagann isteach sa tír ón dáta seo an fhoirm a chomhlánú ar líne sula dtagann siad ag Item was unpublished or removed. Tá an fhoirm dóibh siúd a bheidh ag teacht isteach ón gCéadaoin seo chugainn ar fáil ar líne anois.
Tacóidh an Fhoirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 leictreonach le córas feabhsaithe rannpháirtíochta le paisinéirí a thagann ó thar lear.
Gheobhaidh paisinéirí a chomhlánaíonn an Fhoirm Aimsithe Paisinéirí Leictreonach (EPLF) admháil ríomhphoist a chuimseoidh príomhtheachtaireachtaí sláinte poiblí. Seolfar teachtaireachtaí sláinte poiblí chuig paisinéirí trí théacs tar éis dóibh teacht go hÉirinn.
Bainfear úsáid as an bhfoirm chun córas seiceálacha leantacha a éascú chun a chinntiú go bhfuil na sonraí a iontráladh ceart.
Cinntíonn an fhoirm freisin rianú teagmhálaithe níos cruinne agus níos gasta, má bhíonn cás deimhnithe againn ar eitilt nó ar bhád farantóireachta ag teacht isteach go hÉirinn.
Iarrtar ar phaisinéirí an fhoirm a chomhlánú sula dtagann siad isteach sa Stát. Tá comhlánú na foirme seo éigeantach anois de réir an dlí mar a fhorordaítear faoi alt 31A den Acht Sláinte 1947.
Ní iarrfar ar phaisinéirí atá ag taisteal láithreach ar aghaidh go Tuaisceart Éireann gach cuid den fhoirm a chomhlánú.
Le héifeacht ón 26 Lúnasa 2020
Tá na rialacháin atá mar bhonn agus mar thaca le comhlánú éigeantach Fhoirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 ar líne sínithe ag an Aire Donnelly agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ón gCéadaoin an 26 Lúnasa.
Díolúintí
Ní cheanglaítear ar na paisinéirí seo a leanas a thagann ó thar lear Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a chomhlánú:
- criú aerárthaí, lena n-áirítear an píolóta, atá in Éirinn agus iad i mbun a gcuid dualgas
- taidhleoirí
Oibrithe iompair idirnáisiúnta:
- a bhfuil Teastas Iarscríbhinn 3 Green Lane acu
- a bhfuil Feithicil Earraí Trom á tiomáint acu
- criú long, lena n-áirítear an máistir, atá in Éirinn agus iad i mbun a gcuid dualgas
- paisinéirí atá faoi bhealach chuig dlínse eile agus nach bhfuil orthu an calafort nó an t-aerfort a fhágáil
Cionta agus pionóis
Faoi rialacháin a thacaíonn le comhlánú éigeantach na foirme, tá na cionta seo a leanas inphionóis le fíneáil nach mó ná €2,500 nó le príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon.
- Is cion é gan an fhoirm seo a chomhlánú ar an modh a shonraítear.
- Is cion é faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar san fhoirm.
- Is cion é gan nuashonrú a sholáthar má athraíonn aon chuid den fhaisnéis san fhoirm seo sa chéad 14 lá den chuairt.
- Is cion é gan an fhaisnéis a éilítear a thabhairt d’oifigeach a iarrann í chun na sonraí ar an bhfoirm seo a fhíorú.
- De bhreis ar na cionta sin, i gcás duine nach bhfuil ag comhlíonadh na gceanglas maidir leis an bhfoirm seo, féadfaidh ball den Gharda Síochána a ordú dó nó di na ceanglais sin a chomhlíonadh amhlaidh. Is cion é má mhainníonn tú an treoir sin a chomhlíonadh.
- Má tá amhras ar bhall den Gharda Síochána go ndearna duine cion, féadfaidh an ball sin ainm agus seoladh an duine a bhfuil amhras ann go ndearna sé nó sí an cion a éileamh. Is cion é gan an t-éileamh sin a chomhlíonadh nó ainm agus/nó seoladh bréige a thabhairt agus féadfar duine a ghabháil i leith an chiona sin.